Ardchló Gaelach GC

Ardchló Gaelach GC

Is leagan leasaithe é seo den chló darb ainm Ardchló GC ina bhfuil cruth leath-uingeach curtha ar roinnt de na mionlitreacha. Tá na foirmeacha malartacha seo léirithe sa bhfíor thíos:

Litreacha malartacha

Cló ornáideach is ea Ardchló Gaelach GC.

Tá Ardchló Gaelach GC códaithe de réir Unicode agus tá na carachtair go léir ann léirithe anseo. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

Más mian leat an cló a úsáid le do ríomhaire pearsanta, faigh an comhad ardggc.zip (41 KB) ina bhfuil Ardchló Gaelach GC, leagan 2.000, mar chló TrueType.

Más mian leat an cló a úsáid ar leathanach gréasáin, faigh an comhad ardgw.zip (34 KB) ina bhfuil Ardchló Gaelach GC, leagan 2.000, sa Web Open Font Format.