Bunchló Ársa GC

An gnáthleagan

Bunchló Ársa GC

Is leagan speisialta de Bhunchló GC é seo ina n-úsáidtear na sean-fhoirmeacha fada de 'r' agus de 's'. Tá Bunchló GC bunaithe ar chló Newman a dearadh sa bhliain 1857 le haghaidh Ollscoil Chaitliceach na hÉireann. Is air a bunaíodh mórchuid na gclónna Gaelacha a dearadh sa 20ú céad agus bíonn an cló in úsáid ag daoine nach mbacfadh le haon chló Gaelach eile - an fáth ar tugadh 'Bunchló' ar an leagan seo de. Is carachtair nua-dheartha iad na litreacha nach bhfaightear in aibítir stairiúil na Gaeilge (j, k, q, v, w, x, y agus z) agus na huimhreacha.

Cló téacs is ea Bunchló Ársa GC. D'fhéadfaí é a úsáid in éineacht le clónna Rómhánacha a bhfuil trasmhíreanna orthu: le leithéidí Times New Roman, Garamond, Baskerville nó Cheltenham mar shampla.

Tá an cló seo códaithe de réir Unicode agus tá líon mór carachtar ann: is féidir teangacha iarthar na hEorpa, lár na hEorpa agus na dtíortha Baltacha a scríobh leis. Tabhair faoi deara, áfach, nach bhfuil le fáil ann ach na sean-fhoirmeacha fada de 'r' agus de 's'. Tá sampla de théacs a clóbhuaileadh le Bunchló GC le léamh anseo mar chomhad PDF.

Faigh an comhad bunargc.zip (48 KB) ina bhfuil Bunchló Ársa GC, leagan 12.001, ina chló TrueType.

An leagan iodálach

Bunchló Ársa GC Iodálach

Tá an cló seo códaithe de réir Unicode agus tá líon mór carachtar ann: is féidir teangacha iarthar na hEorpa, lár na hEorpa agus na dtíortha Baltacha a scríobh leis. Tabhair faoi deara, áfach, nach bhfuil le fáil ann ach na sean-fhoirmeacha fada de 'r' agus de 's'. Tá sampla de théacs a clóbhuaileadh le Bunchló GC Iodálach le léamh anseo mar chomhad PDF.

Faigh an comhad bunarigc.zip (52 KB) ina bhfuil Bunchló Ársa GC Iodálach, leagan 12.001, ina chló TrueType.

An leagan trom

Bunchló Ársa GC Trom

Tá an cló seo códaithe de réir Unicode agus tá líon mór carachtar ann: is féidir teangacha iarthar na hEorpa, lár na hEorpa agus na dtíortha Baltacha a scríobh leis. Tabhair faoi deara, áfach, nach bhfuil le fáil ann ach na sean-fhoirmeacha fada de 'r' agus de 's'. Tá sampla de théacs a clóbhuaileadh le Bunchló GC Trom le léamh anseo mar chomhad PDF.

Faigh an comhad bunartgc.zip (48 KB) ina bhfuil Bunchló Ársa GC Trom, leagan 12.001, ina chló TrueType.

An leagan dubh

Bunchló Ársa Dubh GC

Tá an cló seo códaithe de réir Unicode. Tabhair faoi deara, áfach, nach bhfuil le fáil sa chló seo ach na sean-fhoirmeacha fada de 'r' agus de 's'. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

Faigh an comhad bunardgc.zip (38 KB) ina bhfuil Bunchló Ársa GC Dubh, leagan 12.000, ina chló TrueType.