Úsáid na gClónna

Más mian leat na consain shéimhithe agus roinnt carachtair eile nach bhfaightear ach sa chló Gaelach amháin (.i. na seanfhoirmeacha fada de 'r' agus 's', an nod le haghaidh 'agus') beidh méarchlár speisialta ag teastáil uait agus gheofar treoracha iomlána ar na leathanaigh thíos. Roghnaigh an córas oibriúcháin atá in úsáid agat:

  MS Windows

Oibreoidh an méarchlár dar teideal Cló Gaelach le Windows 7, le Windows nó le Windows XP. Ba chóir go n-oibreodh sé le Windows NT4 agus le Windows 2000 chomh maith cé nár tástáladh é leis na córais oibriúcháin úd. Feileann sé do chlónna ar bith atá códaithe de réir an chaighdeáin idirnáisiúnta, Unicode.

Tabhair faoi deara nach n-oibreoidh an méarchlár thuas le seanleaganacha de Windows (3.1, 95, 98 nó Windows ME), ach tá comhairle ag Ciarán Ó Duibhín do lucht úsáide na seanchóras úd ar an leathanach gréasáin leis dar teideal MS-Windows Gaelic Keyboards.

  Mac OS

Oibreoidh an méarchlár dar teideal Cló Gaelach le Mac OS 10.6 (Snow Leopard), le Mac OS 10.5 (Leopard) agus le Mac OS 10.4 (Tiger). Tá seans maith go n-oibreoidh an méarchlár le leaganacha níos sine de Mac OS X chomh maith ach níor tástáladh é leo. Feileann sé do chlónna atá códaithe de réir an chaighdeáin idirnáisiúnta, Unicode.

Ní oibreoidh an méarchlár thuas le seanleaganacha de Mac OS: más leagan idir 7.x agus 9.x atá agat, féach an leathanach gréasáin dar teideal Celtic Keyboard Layouts (ar shuíomh Evertype).

  Linux

Más é Linux an córas oibriúcháin atá agat, lean an nasc a bhfuil 'Linux' air chun breis eolais a fháil.

Leasaithe an 1 Aibreán 2010