Gailearaí an Ċló Ġaelaiġ

Póstaeir

Tá na póstaeir thíos le fáil saor in aisce mar chomhaid PDF. Moltar iad a chlóbhualadh ar pháipéar A3. Ní gá ach cliceáil ar an íomhá den phóstaer atá uait chun an PDF a oscailt agus beidh tú in ann é a íoslódáil ansin. Beifear ag cur leis an gcnuasach seo de réir a chéile.


1. An Cló Gaelach i Ré an Mhiotail
Tá na clónna Gaelacha go léir a bhí in úsáid idir an 16ú céad agus an 20ú céad léirithe i dteannta a chéile ar an bpóstaer seo.


2. Clónna Ghaelchló
Is é seo an póstaer is ansa linn: tá na clónna a d'eisíomar le beagnach tríocha bliain anuas léirithe ar an bpóstaer seo san ord inar eisíodh iad.


3. Haiku an Chlóghrafóra
Seánra filíochta ón tSeapáin is ea an haiku ina mbíonn cúig shioll sa chéad líne, seacht siolla sa dara líne, agus cúig shiolla arís sa líne dheiridh.

4. Bua na gCaighdeán
Is eolaí ríomhaireachta Meiriceánach é Andrew S. Tannenbaum. Tógadh an ráiteas thuas as leabhar leis dar teideal Computer Networks. 'The nice thing about standards is that you have so many to choose from' atá sa leagan bunaidh den abairt. Is é Tromchló GC an cló

5. Ceist an Ghaelachais
Is sliocht é seo as an úrscéal dar teideal An Béal Bocht le Myles na gCopaleen, leabhar a foilsíodh don chéad uair sa bhliain 1941. Is é Nuachló GC an cló agus tá sé bunaithe ar an gCló Nua Rómhanach a úsáideadh sa tríú eagrán de leabhar Myles, eagrán a cuireadh amach sa bhliain 1963.

6. Beatha an Scoláire
Tá an chéad dá véarsa as dán a cumadh sa 17ú céad léirithe ar an bpóstaer seo - cúig véarsa atá san aiste iomlán. Níl ainm an údair ar eolas againn. Tá an cló (Géarchló Ársa GC) bunaithe ar pheannaireacht na linne inar cumadh an dán.

7. Broim Suairc
Is ráiteas é seo atá luaite le Martin Luther (1483-1546): 'aus einem traurigen Arsch kommt kein fröhlicher Furz'. Is iad Seanchló Ársa GC agus Alte Schwabacher na clónna.




Clúdaiġ leaḃar

Tá na priontaí thíos le fáil anseo saor in aisce. Priontaí ardchaighdeáin i bhfoirm PDF is ea iad agus moltar iad a chlóbhualadh ar pháipéar A3. Ní gá ach cliceáil ar cheann de na híomhánna chun an PDF a oscailt agus beifear in ann é a íoslódáil ansin.