Réamhspléachadh

Cé nach bhfuil siad réidh le dáileadh go fóill, is féidir réamhspléachadh a fháil ar roinnt de na clónna atá ar na bacáin anseo thíos.

Mínchló Iodálach GC

Tá leagan iodálach de Mhínchló GC á réiteach faoi láthair agus tapófar an deis chun leasuithe beaga a dhéanamh ar Mhínchló GC leis.

Dlúthchló GC

Cló suaitheantais nua-aoiseach is ea Dlúthchló GC. Oirfidh sé do chomharthaí poiblí nó don fhógraíocht ach bheadh sé ró-throm le haghaidh téacs leanúnaigh. Go deimhin, is é an focal 'bruscar' a bhíodh le feiscint i gcló Gaelach ar na haraidí bruscair i mBaile Átha Cliath go dtí le déanaí a bhí mar eiseamláir agam agus an cló seo á dhearadh. D'fhéadfaí Dlúthchló GC a úsáid in éineacht le clónna suaitheantais mar Impact, Compacta Bold nó Futura Display.

Leasaithe an 2 Aibreán 2010