Is leagan speisialta de Sheanchló GC é seo ina n-úsáidtear na sean-fhoirmeacha fada de 'r' agus de 's'. Tá Seanchló bunaithe go scaoilte ar chló Watts a dearadh timpeall na bliana 1818 agus a úsáideadh le haghaidh mórán eagrán den Bhíobla i rith an 19ú aois. Is carachtair nua-dheartha iad na litreacha nach bhfaightear in aibítir stairiúil na Gaeilge (j, k, q, v, w, x, y agus z).
Tá stíl an chló seo chomh seanfhaiseanta sin nach bhféadfaí é a úsáid mar chló téacs sa lá atá inniu ann. Caithfear breathnú ar Sheanchló mar chló ornáideach anois agus d'fhéadfaí é a úsáid sna cásanna céanna ina n-úsáidtear an cló dubh don Bhéarla (leithéidí Cloister Black, Old English Text nó Goudy Text mar shampla).
Tá an cló seo códaithe de réir Unicode. Tabhair faoi deara, áfach, nach bhfuil le fáil sa chló seo ach na sean-fhoirmeacha fada de 'r' agus de 's'. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.
Faigh an comhad seanagc.zip (54 KB) ina bhfuil Seanchló Ársa, leagan 5.02, ina chló TrueType.
Tá an cló seo códaithe de réir Unicode. Tabhair faoi deara, áfach, nach bhfuil le fáil sa chló seo ach na sean-fhoirmeacha fada de 'r' agus de 's'. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.
Faigh an comhad seanatgc.zip (57 KB) ina bhfuil Seanchló Ársa Trom, leagan 5.02, ina chló TrueType.
Tá an cló seo códaithe de réir Unicode.Tabhair faoi deara, áfach, nach bhfuil le fáil sa chló seo ach na sean-fhoirmeacha fada de 'r' agus de 's'. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.
Faigh an comhad seanadgc.zip (56 KB) ina bhfuil Seanchló Ársa Dubh, leagan 5.02, ina chló TrueType.