Suiteáil na gClónna

Tá na clónna i gcnuasach Ghaelchló ar aon dul le gach cló TrueType eile agus suiteáltar iad ar an mbealach céanna. Taispeánfar duit conas é sin a dhéanamh ar na leathanaigh thíos. Roghnaigh an córas oibriúcháin atá in úsáid ar do ríomhaire féin:

  MS Windows

Oibreoidh na clónna i gcnuasach Ghaelchló le Windows 7, le Windows Vista agus le Windows XP araon (cé gur féidir iad a úsáid le seanleaganacha de Windows, ní bheidh na consain shéimhithe ná roinnt de na litreacha eile nach n-úsáidtear i mórtheangacha iarthar na hEorpa le fáil). Gheofar comhairle ar na bealaí is fusa lena suiteáil anseo

  Mac OS

Oibreoidh na clónna i gcnuasach Ghaelchló le Mac OS X, ach ní oibreoidh siad le Mac OS 9 ná le leaganacha den chóras atá níos sine fós. Gheofar comhairle ar an mbealach lena suiteáil anseo

  Linux

Oibreoidh na clónna i gcnuasach Ghaelchló le Linux in éineacht leis na comhéadain ghrafacha KDE agus GNOME. Gheofar comhairle ar na bealaí éagsúla suiteála atá ann anseo

Leasaithe an 12 Samhain 2009