Códú na gClónnaIs caighdeán uilíoch idirnáisiúnta é Unicode ina bhfuil cód-uimhir ar leith curtha in áirithint le haghaidh na gcarachtar go léir i ngach teanga agus i ngach córas scríofa dá bhfuil ann - an Ghaeilge agus an cló Gaelach ina measc. Le dhá eisceacht (féach thíos), cloíonn na clónna i gcnuasach Ghaelchló le caighdeán Unicode agus tá gach eolas i dtaobh na gcarachtar iontu le fáil ar an leathanach dar teideal Tacar Unicode. Tá tacar carachtar ar leith ag dhá chló speisialta i gcnuasach Ghaelchló - .i. Bunchló na Nod agus Seanchló na Nod. Is clónna iad seo ina bhfuil na noda a bhíodh in úsáid go coitianta i ré na lámhscríbhinní Gaeilge. Tá eolas breise le fáil ar an leathanach dar teideal Tacar na Nod. Leasaithe an 27 Deireadh Fómhair 2009 |