Aonchló GCAn gnáthleagan
Cló ar aonleithead is ea Aonchló GC, .i. tá na litreacha go léir ann chomh leathan lena chéile mar a bhíodh i ré na gclóscríobhán. Oirfidh an cló seo don té ar mhaith leis cuma chlóscríofa a chur ar théacs. Cló nua-dheartha atá ann mar sin féin is níor deineadh aithris ar chló clóscríofa ar leith nuair a bhíothas á dhearadh. Cé gur chlónna téacs iad na clónna aonleithid tráth den saol, caithfear breathnú orthu anois mar chlónna ornáideacha a úsáidtear chun ré na gclóscríobhán a chur i gcuimhne don léitheoir. D'fhéadfaí Aonchló a úsáid in éineacht le leithéidí Prestige, Orator nó Letter Gothic - agus go háirithe in éineacht le Courier New ós rud é go bhfuil litreacha an dá chló ar aon airde agus leithead. Tá an cló seo códaithe de réir Unicode. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat. Tá Aonchló GC, leagan 2.01, le fáil saor in aisce ach teachtaireacht á iarraidh a chur go dtí an seoladh ríomhphoist seo a leanas: An leagan trom
Tá an cló seo códaithe de réir Unicode. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat. Tá Aonchló Trom GC, leagan 2.01, le fáil saor in aisce ach teachtaireacht á iarraidh a chur go dtí an seoladh ríomhphoist seo a leanas: Leasaithe an 3 Samhain 2009 |