Clónna ó Ghaelchló

Clónna Unicode

Tá na clónna seo a leanas códaithe de réir an chaighdeáin idirnáisiúnta, Unicode:

Aonchló GC

Bunchló GC

Bunchló Ársa GC

Caschló GC

Fíorchló GC

Géarchló GC

Géarchló Ársa GC

Glanchló GC

Lanchló GC

Mearchló GC

Mínchló GC

Mionchló GC

Mórchló GC

Órchló GC

Saorchló GC

Seanchló GC

Seanchló Ársa GC

Slimchló GC

Úrchló GC

Úrchló Rómhánach GC

Clónna na nod

Úsáidtear códú ar leith sa dá chló thíos ina bhfuil na noda is coitianta ó ré na lámhscríbhinní:

Bunchló na Nod GC

Seanchló na Nod GC

Suiteáil na gclónna

Tá na clónna pacáilte i gcomhaid chomhdhlúite agus caithfear iad a oscailt le WinZip nó a leithéid sular féidir na clónna atá istigh iontu a shuiteáil ar ríomhaire. Ina dhiaidh sin, lean na gnáth-threoracha a bhaineann leis an gcóras oibriúchán atá in úsáid agat. Gheofar comhairle ghinearálta faoi shuiteáil clónna TrueType le MS Windows, le Mac OS agus le Linux anseo.

Coinníollacha

Ní cheadaítear na clónna sa chnuasach seo a dháileadh ar bhealach ar bith muna bhfaightear cead ó Ghaelchló roimh ré. Is ceadaithe na clónna a úsáid chun ábhar ar bith sna teangacha Ceilteacha, nó ábhar neamh-thráchtála in aon teanga eile, a fhoilsiú. Ní cheadaítear iad a úsáid chun ábhar tráchtála i dteanga nach teanga Cheilteach í a fhoilsiú gan ceadúnas a fháil ó Ghaelchló roimh ré.

Is féidir roinnt de na clónna i gcnuasach Ghaelchó a bhailiú go díreach ón suíomh seo ach caithfear teachtaireacht ríomhphoist a sheoladh chun na cinn is déanaí a ordú.

Leasaithe an 12 Samhain 2009