Stair Ghaelchló

Tá liosta de na hathruithe a rinneadh ar chlónna Ghaelchló le tamall anuas anseo thíos. Féach an leathanach dar teideal 'Réamhspléachadh' le haghaidh eolais ar chlónna a eiseofar amach anseo.

28 Márta 2010

Rinneadh mionleasaithe ar Bhunchló Dubh GC agus ar Bhunchló Ársa Dubh GC lena gcur in oiriúint do Windows 7.

22 Márta 2010

Cláraíodh 'Gaelchló' mar thrádmharc in Éirinn.

26 Nollaig 2009

Rinneadh mionleasaithe ar na clónna seo a leanas lena gcur in oiriúint do Windows 7: leagan 9.00 de Bhunchló GC agus de Bhunchló Ársa GC; tapaíodh an deis chun athdhearadh a dhéanamh ar roinnt de na carachtair iontu (B, G, H, K, L, g, &, ß) agus chun an spásáil idir na litreacha a leasú.

4 Samhain 2009

Rinneadh mionleasaithe ar na clónna seo a leanas lena gcur in oiriúint do Windows 7: Lánchló GC, leagan 5.01; Mearchló GC, leagan 1.01; Mínchló GC, leagan 3.01; Mionchló GC, leagan 1.03; Mórchló GC, leagan 1.01; Órchló GC, leagan 5.01; Saorchló GC, leagan 3.01; agus Slimchló GC, leagan 1.01.

3 Samhain 2009

Rinneadh mionleasaithe ar na clónna seo a leanas lena gcur in oiriúint do Windows 7: Aonchló GC, leagan 2.01; Caschló GC, leagan 2.01; Fíorchló GC, leagan 6.01; Géarchló GC, leagan 1.01; Géarchló Ársa GC, leagan 1.01; Glanchló GC, leagan 11.01; Seanchló GC, leagan 5.01; Seanchló Ársa GC, leagan 5.02; Seanchló na Nod GC, leagan 2.01; Úrchló GC, leagan 11.01; agus Úrchló Rómhánach GC, leagan 11.01.

22 Bealtaine 2009

Eisíodh leagan 11.00 d'Úrchló GC, d'Úrchló Trom GC, d'Úrchló Rómhánach GC agus d'Úrchló Rómhánach Trom GC. Níl ach mionleasaithe déanta ar na gnáthmheáchain, ach tá na meáchain throma níos éadroime ná mar a bhíodar roimhe seo.
Agus don chéad uair, tá leaganacha iodálacha de na clónna curtha ar fáil: féach Úrchló Fiar GC agus Úrchló Rómhánach Fiar GC.

1 Aibreán 2009

Eisíodh Géarchló GC agus Géarchló Ársa GC.

24 Nollaig 2008

Bunaíodh suíomh nua do Ghaelchló ag www.gaelchlo.com.

14 Eanáir 2008

Rinneadh athdhearadh ó bhonn ar shuíomh gréasáin Ghaelchló.

2 Eanáir 2008

Eisíodh leaganacha úra de gach clófhoireann sna stíleanna Bunchló agus Bunchló Ársa. Níl ach mionathruithe curtha ar dhearadh na gcarachtar (féach leithéidí '€', '%' agus '&'), ach tá athrú ó bhonn curtha ar an spásáil idir na litreacha. Ag an am céanna, tarraingíodh na seanchlónna i bpacáistí 'Latin-8' agus 'Mac OS' siar.

12 Nollaig 2007

Eisíodh méarchlár dar teideal Cló Gaelach le haghaidh Mac OS X. Is do leagan 10.4 ('Tiger') a dearadh, ach oibríonn sé le leagan 10.5 ('Leopard') leis.

23 Meán Fómhair 2007

Eisíodh Glanchló Iodálach GC.

27 Meitheamh 2007

Eisíodh leagan leasaithe den mhéarchlár dar teideal Cló Gaelach. Oibreoidh an leagan nua, ní hamháin le Windows Vista, ach le Windows XP chomh maith. Tarraingíodh an méarchlár dar teideal Gaeilge (Unicode) siar.

3 Meitheamh 2007

Eisíodh leagan 2.00 de Chaschló GC inar athdhearadh dornán litreacha ('G', 'g', 'R', 'r', 'S' is 's') agus leath de na huimhreacha ('2', '3', '5', '6' is '9').

21 Aibreán 2007

Eisíodh méarchlár nua dar teideal Cló Gaelach le haghaidh lucht úsáide Windows Vista.

1 Márta 2007

Aistríodh suíomh Ghaelchló go dtí fearann nua dá chuid féin: www.gaelchlo.com.

27 Nollaig 2006

Eisíodh Mearchló Trom GC.

24 Meán Fómhair 2006

Eisíodh Slimchló GC.

27 Bealtaine 2006

Eisíodh Bunchló Iodálach GC agus Bunchló Ársa Iodálach GC.

3 Bealtaine 2006

Eisíodh leagan 1.02 de Mhionchló GC, leagan inar cuireadh feabhas ar chruth na litreacha 'M' agus 'm'. Eisíodh leaganacha 10.01 d'Úrchló GC agus d'Úrchló Rómhánach GC inar ceartaíodh botúin a bhain le spásáil na litreacha 'Í', 'Ì', 'Î' agus 'Ï'.

14 Eanáir 2006

Eisíodh Pacáiste Mac OS chun freastal orthusan a bhfuil seanleaganacha de Mac OS in úsáid acu.

12 Eanáir 2006

Agus leagan Unicode de na clónna go léir i gcnuasach Ghaelchló curtha ar fáil, eisíodh Pacáiste Latin-8 dóibhsean a bhfuil seanleaganacha de MS Windows fós in úsáid acu.

29 Nollaig 2005

Eisíodh Órchló GC agus tarraingíodh Órchló siar.

26 Samhain 2005

Eisíodh Fíorchló GC agus tarraingíodh Fíorchló siar.

31 Deireadh Fómhair 2005

Eisíodh leagan 3.00 de Shaorchló GC, leagan ina ndearnadh athdhearadh ar roinnt litreacha (féach 'K', 'k', 'r fada', 'X' agus 'x').

30 Deireadh Fómhair 2005

Eisíodh Mínchló GC agus Mínchló Trom GC, maraon le leaganacha úra de Bhunchló na Nod agus de Sheanchló na Nod ina bhfuil na consain shéimhithe códaithe de réir Unicode, agus leagan 1.01 de Mhionchló GC inar ceartaíodh botún a bhain leis an litir 'ý'. Tarraingíodh 'Aonchló', 'Aonchló Trom', 'Lánchló', 'Lánchló Trom', 'Léarchló', 'Mínchló', 'Mínchló Trom', 'Seanchló' agus 'Seanchló Trom' siar.

14 Meán Fómhair 2005

Eisíodh Caschló GC.

29 Lúnasa 2005

Eisíodh Saorchló GC agus tarraingíodh 'Saorchló' siar.

20 Lúnasa 2005

Eisíodh Glanchló GC, Glanchló Trom GC agus Glanchló Dubh GC. Tarraingíodh 'Glanchló', 'Glanchló Trom' agus 'Glanchló Dubh' siar.

9 Iúil 2005

Eisíodh Mionchló GC.

1 Iúil 2005

Eisíodh Úrchló GC, Úrchló Trom GC, Úrchló Rómhánach GC agus Úrchló Rómhánach Trom GC. Tarraingíodh 'Úrchló', 'Úrchló Trom', 'Úrchló Rómhánach' agus 'Úrchló Rómhánach Trom' siar.

23 Aibreán 2005

Eisíodh Mearchló GC.

6 Márta 2005

Eisíodh leagan 7.11 de Bhunchló Ársa Trom GC; leagan 6.11 de Bhunchló Ársa Dubh GC; agus leagan 5.01 de Seanchló Ársa GC, de Seanchló Ársa Trom GC agus de Seanchló Ársa Dubh GC inar ceartaíodh botún a bhain leis an litir 's caron'.

14 Eanáir 2005

Eisíodh leagan 7.11 de Bhunchló Ársa GC inar ceartaíodh botún a bhain leis an litir 's caron'.

14 Eanáir 2005

Eisíodh Aonchló GC agus Aonchló Trom GC.

2 Eanáir 2005

Eisíodh Lánchló GC, Lánchló Trom GC agus leagan úr (4.06) de 'Lánchló' agus de 'Lánchló Trom' ina bhfuil athdhearadh déanta ar roinnt de na litreacha ('k' agus 'r' go háirithe).

19 Nollaig 2004

Eisíodh Mórchló GC.

10 Samhain 2004

Eisíodh Seanchló GC, Seanchló Trom GC, Seanchló Dubh GC, Seanchló Ársa GC, Seanchló Ársa Trom GC agus Seanchló Ársa Dubh GC.

15 Meán Fómhair 2004

Eisíodh Bunchló Dubh GC, Bunchló Ársa GC, Bunchló Ársa Trom GC agus Bunchló Ársa Dubh GC, in éineacht le leaganacha úra (7.10) de Bhunchló GC agus de Bhunchló Trom GC a bhfuil breis litreacha iontu.

23 Iúil 2004

Eisíodh Bunchló Trom GC - an leagan trom de Bhunchló GC.

28 Meitheamh 2004

Eisíodh leagan 4.10 de 'Léarchló' (ina bhfuil athdhearadh déanta ar an 'D') agus leagan 5.10 de Fíorchló (ina bhfuil feabhas curtha ar an spásáil idir na litreacha agus ar an gcoirneáil).

7 Meitheamh 2004

Tarraingíodh 'Nuachló' agus 'Nuachló Rómhánach' siar. Cuirfear leaganacha leasaithe de na clónna seo ar fáil amach anseo, in éineacht le leaganacha troma de na clónna.

5 Bealtaine 2004

Eisíodh Bunchló GC - leagan de Bhunchló atá códaithe de réir chaighdeán Unicode - agus na méarchláracha Gaeilge (Latin-8) agus Gaeilge (Unicode).

8 Aibreán 2004

Eisíodh 'Mínchló Trom'.

5 Aibreán 2004

Eisíodh 'Lánchló Trom', agus leagan 4.05 de 'Lánchló' ina bhfuil athdhearadh déanta ar an 's'.

17 Feabhra 2004

Eisíodh 'Úrchló Trom' agus 'Úrchló Rómhánach Trom'.

4 Feabhra 2004

Eisíodh leagan 9.00 d''Úrchló' agus d''Úrchló Rómhánach'. Athdhearadh iomlán atá sa leagan is déanaí den chló.

11 Eanáir 2004

Eisíodh Bunchló Ársa, Bunchló Ársa Trom, 'Seanchló Ársa', 'Seanchló Ársa Trom', agus leagan 4.06 de 'Sheanchló Trom' inar ceartaíodh botún maidir le suíomh na síntí fada os cionn na ngutaí.

8 Eanáir 2004

Eisíodh leagan 6.06 de Bhunchló Dubh, leagan ina bhfuil an ponc séimhithe, an síneadh fada, agus na haicinn eile níos troime ná mar a bhíodar.

28 Nollaig 2003

Eisíodh 'Aonchló Trom' agus 'Saorchló'.

21 Nollaig 2003

Eisíodh leagan 4.05 de 'Sheanchló', de 'Sheanchló Trom' agus de 'Sheanchló Dubh' (ina bhfuil cruth nua ar an 'q'); agus leagan 1.01 de 'Sheanchló na Nod'.

31 Deireadh Fómhair 2003

Eisíodh Seanchló na Nod agus leagan 4.00 de Bhunchló na Nod.

14 Deireadh Fómhair 2003

Eisíodh 'Glanchló Trom' agus leagan 10.03 de 'Ghlanchló Dubh'.

13 Meán Fómhair 2003

Eisíodh 'Aonchló'.

11 Meán Fómhair 2003

Eisíodh Bunchló Trom agus leagan 6.05 de Bhunchló Dubh.

Leasaithe an 28 Márta 2010
' ' ' ''