Moltaí Clóċuir

Gheobhaidh an té ar mian leis an cló Gaelach a úsáid chun téacsanna a chlóbhualadh nó a fhoilsiú ar an ngréasán domhanda comhairle faoin gcur chuige is fearr anseo.



An séiṁiú

Cuir i gcás gurb é seo an téacs atá le foilsiú:

Ní leor an cló a athrú ó cheann Rómhánach go ceann Gaelach mar atá déanta anseo thíos.

Is é an riail is bunúsaí a bhaineann le húsáid an chló Ghaelaigh go gcaithfear ponc séimhithe a chur ar na consain shéimhithe i gcorp an téacs más mionlitreacha iad (féach an sampla thíos). Má cheapann tú gur fearr a oireann an 'h' don ábhar nó don lucht léitheoireachta ar a bhfuil sé dírithe, tá réiteach simplí ar an bhfadhb: cloígh leis an gcló Rómhánach - níl aon rud cearr leis.

Ach i gcás na gceannlitreacha, is ceadaithe (cé nach gá) 'H' nó 'h' a úsáid in ionad an phoinc. Úsáidtear an ceannlitir 'H' go minic nuair is ceannlitreacha a fad a bhíonn san fhocal agus is cleas úsáideach é chun breis airde a tharraingt ar abairt. An 'h' beag a úsáidtear nuair is é an litir tosaigh d'fhocal atá ina cheannlitir; ní léir dom go mbaineann buntáiste ar bith le húsáid an 'h' sa dara cás, ach tá an nós sin ann (féach thíos).

Tá cás amháin eile inar féidir 'h' a úsáid mar chomhartha séimhithe sa chló Gaelach, .i. chun béim a leagan ar fhocail áirithe - ar fhotheidil abair, nó ar fhocail atá scríofa i gcló trom, nó a bhfuil spás níos leithne fágtha idir na litreacha iontu (féach an sampla thíos). Seo nós a bhí ag clódóirí fadó nuair a bhí na clófhoirne troma gann agus na clófhoirne iodálacha in easnamh ar fad; moltar duit an nós a sheachaint más féidir mar tá bealaigh níos fearr ann anois chun béim a leagan ar fhocail.



R agus S

Ar ndóigh, is féidir an 'r' ard agus an 's' ard a úsáid in ionad na litreacha ísle, mar atá léirithe sa sampla thíos. Má dhéantar amhlaidh, caithfear bheith cúramach gan na litreacha a mheascadh i gcorp an téacs. Is é sin le rá, níor chóir 's' ard agus 'r' íseal (ná a mhalairt) a úsáid taobh le taobh. Agus má athraíonn tú an 's', ná déan dearmad an t-athrú céanna a dhéanamh i gcás an 's' séimhithe.

Ach tá roinnt cásanna inar féidir an dá shaghas litreacha a mheascadh. Is fearr a oireann na litreacha ísle do chinnteidil agus d'fhotheidil, mar shampla, agus is féidir iad a úsáid sna cásanna sin, fiú má bhíonn na foirmeacha arda in úsáid i gcorp an téacs. Is ceadaithe freisin (cé nach gá) na litreacha ísle a úsáid le haghaidh focal agus ainmneacha ón iasacht, rud a dhéanann níos soléite iad go minic, rud atá déanta sa sampla thíos.

Tá cás amháin eile inar féidir an dá shaghas litreacha a mheascadh. Ag tús ré na clódóireachta bhíodh sé de nós ag clódóirí na foirmeacha ísle a úsáid ag deireadh na bhfocal, cé go mbíodh na foirmeacha arda in úsáid acu i ngach áit eile. Ní léir dom go mbaineann aon bhuntáiste leis an nós sin, ach is bealach é le cuma ársa a chur ar théacs - féach an sampla thíos.

Lean na moltaí thuas agus beidh tú in ann téacsanna clóchurtha a chruthú nach ngoillfidh ar shúile na léitheoirí.