Clóscríoḃ na Gaeilge

Sula raibh aon trácht ar ríomhairí, bhaintí usáid as innill mheicniúla ar a dtugtaí 'clóscríobháin' le haghaidh litreacha gnó nó oifigiúla. Níorbh ionann an stíl litreacha a bhí ag na clóscríobháin go léir, áfach, agus tá dhá stíl éagsúla le feiceáil sna léaráidí thíos.


Tá litir a scríobhadh le clóscríobhán de dhéantús an chomhlachta Royal le léamh anseo.


Tá litir a scríobhadh le clóscríobhán de dhéantús an chomhlachta Tower le léamh anseo.

Tá leaganacha digiteacha de na stíleanna clóscríofa thuas a bhfuil 'Doire' agus 'Teamhair' orthu curtha amach ag Michael Everson le blianta beaga anuas. Tá siad ar aon dul le clónna clóscríofa na gcomhlachtaí Royal agus Tower faoi seach.