Glanchló GC

An gnáthleagan

Cló Gaelach nua-dheartha is ea Glanchló GC ach tá tionchar áirithe ó chlónna Petrie, a bhí in úsáid sa 19ú céad, agus ó chló Cholum Cille, a dhear Colm Ó Lochlainn i lár an 20ú céad, le brath air.

Cló téacs is ea Glanchló GC. D'fhéadfaí é a úsáid in éineacht le clónna Rómhánacha a bhfuil trasmhíreanna orthu: le leithéidí Times New Roman, Garamond, Baskerville nó Cheltenham mar shampla.

Tá an cló seo códaithe de réir Unicode. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

Faigh an comhad glangc.zip (45 KB) ina bhfuil Glanchló GC, leagan 11.01, ina chló TrueType.

An leagan iodálach

Tá an cló seo códaithe de réir Unicode. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

Tá Glanchló Iodálach GC, leagan 11.01, le fáil saor in aisce ach teachtaireacht á iarraidh a chur go dtí an seoladh ríomhphoist seo a leanas:

Bíodh 'Glanchló Iodálach' luaite mar cheannteideal ar an teachtaireacht. Níor mhiste iarratas eile a dhéanamh muna bhfaightear freagra laistigh de sheachtain.

An leagan trom

Tá an cló seo códaithe de réir Unicode. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

Faigh an comhad glantgc.zip (44 KB) ina bhfuil Glanchló Trom GC, leagan 11.01, ina chló TrueType.

An leagan dubh

Tá an cló seo códaithe de réir Unicode. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

Faigh an comhad glandgc.zip (45 KB) ina bhfuil Glanchló Dubh GC, leagan 11.01, ina chló TrueType.

Leasaithe an 3 Samhain 2009