Lánchló GCAn gnáthleagan
Cló nua-dheartha is ea Lánchló GC ach tá cosúlachtaí áirithe idir é agus an cló darb ainm Verdana. Is é an rud a chuireas romham agus Lánchló á dhearadh agam ná cló nua-aoiseach Gaelach a mbeadh 'x-airde' mór aige a chruthú: dá airde iad na mionlitreacha is ea is soléite a bhíonn na tomhais is lú den chló. Cló téacs is ea Lánchló GC a oireann don ríomhaireacht go háirithe. D'fhéadfaí é a úsáid in éineacht le clónna Rómhánacha nach bhfuil trasmhíreanna orthu: le leithéidí Verdana nó Arial mar shampla. Tá an cló seo códaithe de réir Unicode. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat. Tá Lánchló GC, leagan 5.01, le fáil saor in aisce ach teachtaireacht á iarraidh a chur go dtí an seoladh ríomhphoist seo a leanas: An leagan trom
Tá an cló seo códaithe de réir Unicode. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat. Tá Lánchló Trom GC, leagan 5.01, le fáil saor in aisce ach teachtaireacht á iarraidh a chur go dtí an seoladh ríomhphoist seo a leanas: Leasaithe an 4 Samhain 2009 |