Mionchló GC

Tá Mionchló GC bunaithe ar an stíl peannaireachta ar a dtugtar an mhionpheannaireacht inseach ('insular minuscule'), stíl a bhí in úsáid go coitianta ag grafnóirí na lámhscríbhinní Gaeilge anuas go dtí lár an 19ú céad. Is ar an stíl seo peannaireachta a bunaíodh an cló Gaelach.

Cló ornáideach lámhscríofa is ea Mionchló GC.

Eisíodh an chéad leagan de Mhionchló GC sa bhliain 2005.

An ḟoireann

Mionchló GC

Tá Mionchló GC códaithe de réir Unicode, an caighdeán idirnáisiúnta, agus tá na carachtair go léir ann léirithe anseo. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

Malairtí stíle

Tá leaganacha nua-aoiseacha de 'r' agus de 's' le fáil mar mhalairtí stíle (stylistic alternates) i leagan 3.000 den chló. Lena n‑úsáid, roghnaigh stylistic set 1:

Íoslódáil

Más mian leat an cló seo a úsáid ar do ríomhaire pearsanta, faigh an comhad miongc.zip ina bhfuil leagan 3.00 de Mhionchló GC mar chló OpenType.

Más mian leat an cló seo a úsáid ar leathanach gréasáin, faigh an comhad mionw.zip ina bhfuil leagan 3.00 de Mhionchló GC sa Web Open Font Format.