Mórchló GC

Tá Mórchló GC bunaithe ar stíl peannaireachta ar a dtugtar an mhórpheannaireacht inseach ('insular majuscule') - stíl a d'eascair in Éirinn agus a bhí in úsáid go coitianta idir an 7ú agus an 12ú céad sa tír seo agus sa Bhreatain araon. Ní dearnadh aon idirdhealú idir ceannlitreacha agus mionlitreachta sa mhórpheannaireacht inseach ach tá dhá leagan de roinnt litreacha (d, n, y agus z) curtha ar fáil sa chló seo de ghrá na héagsúlachta.

Cló ornáideach is ea Mórchló GC.

Eisíodh an chéad leagan de Mhórchló GC sa bhliain 2004.

An ḟoireann

Mórchló GC

Tá Mórchló GC códaithe de réir Unicode, an caighdeán idirnáisiúnta, agus tá na carachtair go léir ann léirithe anseo. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

Malairtí stíle

Tá roinnt mhalairtí stíle (stylistic alternates) le fáil i leagan 4.00 den chló in éineacht leis an stíl réamhshocraithe. Lena n‑úsáid, roghnaigh tacar stíle uimhir a haon (ss01), uimhir a dó (ss02), nó uimhir a trí (ss03), mar atá léirithe thíos:

Íoslódáil

Más mian leat an cló seo a úsáid ar do ríomhaire pearsanta, faigh an comhad morgc.zip ina bhfuil leagan 4.00 de Mhórchló GC mar chló OpenType.

Más mian leat an cló seo a úsáid ar leathanach gréasáin, faigh an comhad morw.zip ina bhfuil leagan 4.00 de Mhórchló GC sa Web Open Font Format.