Órchló GC
Tá Órchló GC bunaithe go dlúth ar an gcló a bhíodh le feiceáil ar an tsraith dheireannach de nótaí airgid na hÉireann roimh theacht an euro, ach is carachtair nua-dheartha iad na huimhreacha agus na comharthaí poncaíochta go léir. Leagan rialta, ingearach den stíl pheannaireachta ar a dtugtar an mhórpheannaireacht inseach is ea é. Cló ornáideach is ea Órchló GC go príomha, ach d'fhéadfaí é a úsáid le haghaidh na gceannteideal i dtéacs freisin. Tá an cló seo códaithe de réir Unicode. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat. Tá Órchló GC, leagan 5.01, le fáil saor in aisce ach teachtaireacht á iarraidh a chur go dtí an seoladh ríomhphoist seo a leanas: Leasaithe an 4 Samhain 2009 |