Slimchló GC

Cló ornáideach nua-dheartha is ea Slimchló GC agus tá sé bunaithe go scaoilte ar stíl litreacha a úsáideadh ar chlúdaigh leabhar a d'eisigh an Gúm i dtús a ré. Beidh tionchar an chló darb ainm Broadway leis an gclódhearthóir bisiúil Meiriceánach Morris Benton Fuller (fear a dhear Franklin Gothic, Cheltenham, News Gothic, Century Schoolbook agus mórán clónna cáiliúla eile) sa bhliain 1928 le brath ar an gcló seo leis. Baineann an chodarsnacht shuntasach idir na línte troma agus na línte tanaí le stíl dearaidh a bhí coitianta sna 1920í agus sna 1930í.

Cé gur cló ornáideach é Slimchló GC go príomha, d'fhéadfaí é a úsáid le haghaidh na gceannteideal i dtéacs freisin.

Eisíodh an chéad leagan de Shlimchló GC sa bhliain 2006.

An ḟoireann

Slimchló GC

Tá Slimchló GC códaithe de réir Unicode, an caighdeán idirnáisiúnta, agus tá na carachtair go léir ann léirithe anseo. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

Malairtí stíle

Tá na leaganacha inseacha de 'r' agus de 's' le fáil mar mhalairtí stíle (stylistic alternates) i leagan 3.00 den chló. Lena n‑úsáid, roghnaigh stylistic set 1:

Íoslódáil

Más mian leat an cló seo a úsáid ar do ríomhaire pearsanta, faigh an comhad slimgc.zip ina bhfuil leagan 3.00 de Shlimchló GC mar chló OpenType.

Más mian leat an cló seo a úsáid ar leathanach gréasáin, faigh an comhad slimw.zip ina bhfuil leagan 3.00 de Shlimchló GC sa Web Open Font Format.