Linux: Suiteáil na gClónna

Suiteáil láimhe

Oibreoidh na clónna i gcnuasach Ghaelchló le Linux in éineacht leis na comhéadain ghrafacha KDE agus GNOME.

Is iomaí leagan de Linux atá ann, áfach, agus ní mar an gcéanna a chaitheann siad go léir le clónna. Is féidir a fháil amach cá bhfuil na clónna suite ar do ríomhaire féin ach an t-ordú seo a leanas a chur isteach i líne na n-orduithe:
locate .ttf
rud a thaispeánfaidh cá bhfuil na clónna TrueType curtha i dtaisce. Is críonna an beart é clónna nua a shabháil i gcomhad a bhfuil clónna ann cheana féin.

Seo mar atá córas na gclónna in Ubuntu, ceann de na leaganacha is coitianta de Linux:
1. Más mian leat go mbeidh an cló le fáil ag gach duine a úsáideann an ríomhaire, sábháil é in:
/usr/share/fonts
nó in
/usr/local/share/fonts
2. Ach más fearr leat nach mbeidh an cló le fáil ach ag úsáideoir áirithe, cuir i dtaisce é in:
/home/username/.fonts/
nuair is é 'username' ainm an úsáideora atá i gceist.

Is fiú an t-ordú seo a leanas a rith ó líne na n-orduithe ag an deireadh:
sudo fc-cache -f -v
Cinnteoidh an t-ordú sin go mbeidh an cló nua le fáil agat i ngach ríomhchlár.

Suiteáil uathoibríoch - GNOME

Buail ar an gcló atá le suiteáil le cnaipe deas na luiche. Feicfear liosta cosúil leis an gceann thíos:

suiteail le GNOME

Roghnaigh Open with Font Viewer agus osclóidh bosca cosúil leis an gceann atá léirithe thíos:

Font Viewer

Buail an cnaipe ag an mbun ar dheis a bhfuil Install Font air, agus socraigh cé acu an mbeidh an cló le fáil ag gach duine nó ag duine ar leith. Sin a bhfuil le déanamh agat - críochnóidh GNOME an obair duit.

Suiteáil uathoibríoch - KDE

Cnag ar an gcló le cnaipe deas na luiche agus osclóidh liosta roghanna cosúil leis an gceann atá léirithe thíos:

suiteáil le KDE 1

Roghnaigh Actions agus Install. Beidh ort a rá ansin cé acu an mbeidh an cló le fáil agat féin amháin nó ag gach duine a úsáideann an ríomhaire (féach an léaráid thíos) agus sin a bhfuil - déanfaidh KDE an chuid eile den obair.

suiteáil le KDE 2

Thíos: mar a léirítear Bunchló in KFontView, áis úsáideach a scaiptear le KDE.

Font Viewer