Mac OS X
Oibreoidh na clónna i gcnuasach Ghaelchló le 'Snow Leopard' (Mac OS 10.6), le 'Leopard' (Mac OS 10.5) agus le 'Tiger' (Mac OS 10.4).
Chun cló nua a shuiteáil in Mac OS, cnag air faoi dhó leis an luch; osclóidh bosca agus ní gá ach an cnaipe ag an mbun ar dheis a bhfuil Install Font air a bhualadh:

Cuirfear an cló i dtaisce i gceann nó eile de dhá áit, ag brath ar an réamhshocrú atá déanta agat i gclár darb ainm Font Book. Má shocraigh tú go mbeadh an cló le fáil ag gach duine a úsáideann an ríomhaire, sábhálfar é in:
HD/Library/Fonts/
Ach más é an réamhshocrú nach mbeidh an cló le fáil ach ag úsáideoir áirithe, cuirfear i dtaisce é in:
HD/Users/UserName/Library/Fonts/
nuair is é 'UserName' ainm an úsáideora atá i gceist.
Thíos: mar a léirítear Bunchló sa Font Book a dháiltear le 'Leopard' (Mac OS 10.5).

Leasaithe an 10 Deireadh Fómhair 2009 |