MS Windows

Windows 7

Úsáidtear an cur chuige céanna in Windows 7 agus a úsáidtear in Windows Vista: cnag ar an gcló le cnaipe deas na luiche agus roghnaigh Install nuair a osclóidh an liosta:

Thíos: mar a léirítear Bunchló sa 'Windows Font Viewer' a thagann le Windows 7.

Windows Vista

Cnag ar an gcló le cnaipe deas na luiche agus roghnaigh Install nuair a osclóidh an liosta:

Thíos: mar a léirítear Bunchló sa 'Windows Font Viewer' a thagann le Windows Vista.

Windows XP

Chun cló a shuiteáil, in Windows XP caithfear é a shábháil i gcomhad na gclónna atá suite ag \Windows\Fonts.

Chun é sin a dhéanamh, téigh chuig:
Control Panel > Fonts
agus tarraing an cló nua isteach sa chomhad - mar a léirítear anseo thíos:

Thíos: mar a thaispeántar Bunchló sa 'Windows Font Viewer' a thagann le Windows XP.

Leasaithe an 27 Deireadh Fómhair 2009