Tá Tromchló GC bunaithe ar chló a dhear Micheál Seosamh Ó Rathghaille (1875-1916) i gcomhair An Claidheamh Solais sa bhliain 1913. Cló trom is ea é a úsáideadh i gceannteidil agus i bhfógraí gearra sa nuachtán.

Bhí an cló le fáil in dhá thomhas a raibh miondifríochtaí idir dearadh na litreacha iontu. Dá bhrí sin, tá dhá leagan digiteacha curtha ar fáil: Tromchló Mór GC agus Tromchló Beag GC. Tá cuma níos ornáidí ar na litreacha 'E' agus 'L' sa leagan 'mór'. Is ionann an dá leagan den chló ar gach bealach eile.

Seoladh an chéad leagan de Thromchló GC ar Luan Cásca, 2016, céad bliain tar éis an éirí amach inar cailleadh Ó Rathghaille.

An ḟoireann

Tromchló GC

Tá Tromchló GC códaithe de réir Unicode, an caighdeán idirnáisiúnta, agus tá na carachtair go léir ann léirithe anseo. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

Malairtí stíle

Tá roinnt malairtí stíle (stylistic alternates) le fáil i leagan 2.00 den chló in éineacht leis an stíl réamhshocraithe. Lena n‑úsáid, roghnaigh tacar stíle uimhir a haon (ss01), uimhir a dó (ss02), nó uimhir a trí (ss03), mar atá léirithe thíos:

Íoslódáil

Más mian leat an cló seo a úsáid ar do ríomhaire pearsanta, faigh an comhad tromgc.zip ina bhfuil leagan 2.00 de Thromchló GC mar chló OpenType.

Más mian leat an cló seo a úsáid ar leathanach gréasáin, faigh an comhad tromw.zip ina bhfuil leagan 2.00 de Thromchló GC sa Web Open Font Format.