Úrchló Rómhánach GCAn gnáthleagan
Leagan malartach d'Úrchló is ea Úrchló Rómhánach ina gcloíonn dearadh na litreacha leis an gcló Rómhánach - cé go bhfuil na consain shéimhithe le fáil ann mar a bheadh i gcló Gaelach ar bith. Cló téacs is ea Úrchló Rómhánach. D'fhéadfaí é a úsáid in éineacht le clónna Rómhánacha eile nach bhfuil trasmhíreanna orthu: le leithéidí Arial, Universe, Helvetica nó Futura mar shampla. Tá an cló seo códaithe de réir Unicode. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat. Faigh an comhad urrgc.zip (41 KB) ina bhfuil Úrchló Rómhánach, leagan 11.01, ina chló TrueType. An leagan fiar
Tá an cló seo códaithe de réir Unicode. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat. Tá Úrchló Rómhánach Fiar GC, leagan 11.01, le fáil saor in aisce ach teachtaireacht á iarraidh a chur go dtí an seoladh ríomhphoist seo a leanas: An leagan trom
Tá an cló seo códaithe de réir Unicode. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat. Faigh an comhad urrtgc.zip (41 KB) ina bhfuil Úrchló Rómhánach Trom, leagan 11.01, ina chló TrueType. Leasaithe an 3 Samhain 2009 |