Géarchló Ársa GC

Géarchló Ársa GC

Is leagan speisialta de Ghéarchló GC é seo ina n-úsáidtear na sean-fhoirmeacha arda de 'r' agus de 's'. Tá Géarchló GC bunaithe ar pheannaireacht an 17ú céad. Iarracht is ea é chun spiorad pheannaireacht na lámhscríbhinní, spiorad a bhfuil baint nach beag aige le mírialtacht na litreacha, a chaomhnú agus a chur in iúl i gcló a bhfuil na litreacha tugtha chun rialtachta ann.

Cló traidisiúnta ornáideach is ea Géarchló Ársa GC.

Eisíodh an chéad leagan de Ghéarchló GC sa bhliain 2009.

Tá an cló seo códaithe de réir Unicode, an caighdeán idirnáisiúnta, agus tá na carachtair go léir ann léirithe anseo. Tabhair faoi deara nach bhfuil le fáil sa chló seo ach na sean-fhoirmeacha arda de 'r' agus de 's'. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

Aonchló GC

Más mian leat an cló a úsáid le do ríomhaire pearsanta, faigh an comhad gearargc.zip (25 KB) ina bhfuil Géarchló Ársa GC, leagan 1.200, mar chló OpenType.

Más mian leat an cló a úsáid ar leathanach gréasáin, faigh an comhad geararw.zip (23 KB) ina bhfuil Géarchló Ársa GC, leagan 1.200, sa Web Open Font Format (WOFF2).