Méarċlár le haġaiḋ Linux

Dáiltear Linux in éineacht le méarchlár bog darb ainm 'CloGaelach' lenar féidir an cló Gaelach a scríobh gan stró - ach ar ndóigh, caithfidh an clófhoireann féin a bheith códaithe de réir Unicode. Is féidir 'CloGaelach' a shuiteáil ó chomhéadan grafach nó ó líne na n-orduithe.



Líne na nOrduiṫe

Chun 'CloGaelach' a chur ar siúl ar do ríomhaire, cuir an t-ordú seo a leanas isteach i líne na n-orduithe:
setxkbmap ie CloGaelach
Oibreoidh an t-ordú seo le gach dáileadh de Linux ach beidh ort é a rith in athuair gach uair a thosnóidh an ríomhaire.



Coṁéadan Grafaċ

Is iomaí comhéadan grafach atá in úsáid le Linux (tá 'Cinnamon', 'Mate', 'KDE', 'Gnome', 'Xfce' agus 'Unity' ar na cinn is coitianta) agus ní féidir cur síos a dhéanamh orthu go léir anseo. Tugtar treoracha anseo le haghaidh 'Cinnamon' agus níl na comhéadain ghrafacha eile ró-éagsúil leis.

Téigh chuig Preferences, roghnaigh Keyboard agus buail an cnaipe a bhfuil Layouts air. Feicfear an fhuinneog thíos.

Cinnamon 1

Buail an cnaipe beag a bhfuil '+' air (mar atá léirithe thuas) agus osclóidh fuinneog nua. Téigh tríd an liosta go dtiocfaidh tú chomh fada le 'CloGaelach' agus buail Add (mar atá léirithe thíos).

Cinnamon 2

Dúnfaidh an dara fuinneog. Roghnaigh 'CloGaelach' agus buail an cnaipe beag a bhfuil saighead suas air chun 'CloGaelach' a chur go barr an liosta. Fágfaidh an socrú seo go mbeidh méarchlár an chló Gaelaigh in úsáid gach uair a thosóidh an ríomhaire.

Cinnamon 3

Le críochnú, dún an fhuinneog a bhfuil Keyboard air.



Úsáid an ṁéarċláir

Chun carachtar a scríobh ní gá ach luí ar an gcnaipe speisialta a bhfuil AltGr air agus cnaipe eile a bhualadh ag an am céanna. Mar shampla, chun an litir á a scríobh, luigh ar AltGr agus buail a. Léiríonn an tábla thíos conas a scríobhtar na carachtair éagsúla a úsáidtear sa chló gaelach.

AltGr in éineaċt le ...Caraċtar
  
AÁ
aá
EÉ
eé
IÍ
ií
OÓ
oó
UÚ
uú
B
b
CĊ
cċ
D
d
F
f
GĠ
gġ
M
m
P
p
S
s
T
t
rɼ
zſ
Z
&