Clónna Digiteaċa

Cnuasaċ Ġaelċló

Tá clónna Gaelacha á gcur amach ag Gaelchló ón mbliain 1994 nuair a eisíodh an chéad leagan de Ghlanchló GC. Tá liosta iomlán de na clónna sa chnuasach le léamh anseo.

Ní cheadaítear na clónna i gcnuasach Ghaelchló a leasú ná a dháileadh ar bhealach ar bith muna bhfaightear cead ó Ghaelchló roimh ré. Is ceadaithe na clónna a úsáid chun ábhar ar bith sna teangacha Ceilteacha, nó ábhar neamh-thráchtála in aon teanga eile, a fhoilsiú; ní cheadaítear iad a úsáid chun ábhar tráchtála i dteanga nach teanga Cheilteach í a fhoilsiú gan ceadúnas a fháil ó Ghaelchló roimh ré.



Clónna le dearṫóirí eile

Tá eolas le fáil anseo ar chlónna Gaelacha a dhear na daoine seo a leanas: Keith Bates, Micheal Everson, Pádraig McCarthy, Matt McDonagh, Feòrag NicBhrìde, Séamas Ó Brógáin, Liam O'Connor, Colm Ó Lochlainn, Norbert Reiners agus Andreas Stötzner.