Úsáid na gClónna

Tá na clónna i gcnuasach Ghaelchló pacáilte i gcomhaid chomhbhrúite (.ZIP) agus caithfear na comhaid seo a oscailt sular féidir na clónna atá istigh iontu a shuiteáil ar ríomhaire. Tá comhairle ghinearálta faoi shuiteáil na gclónna ar MS Windows, ar macOS agus ar Linux le fáil anseo thíos. Tá na clónna i gcnuasach Ghaelchló ar aon dul le gach cló OpenType eile agus suiteáltar iad ar an mbealach céanna.

Más mian leat na consain shéimhithe agus cúpla carachtar eile nach bhfaightear ach sa chló Gaelach amháin (an nod '' nó na foirmeacha inseacha de 'ɼ' agus 'ſ') beidh méarchlár speisialta ag teastáil uait agus tá na treoracha cuí le fáil anseo thíos.

Ní féidir linn aon chomhairle a thabhairt do lucht úsáide na gclónna seachas a bhfuil le fáil ar an suíomh seo.



MS Windows

Suiteáil
Oibreoidh na clónna go léir i gcnuasach Ghaelchló le MS Windows. Gheofar comhairle ar an mbealach is fusa lena suiteáil anseo.
Méarchlár
Oibreoidh an méarchlár bog dar teideal Cló Gaelach le gach leagan de MS Windows ó Windows XP amach. Tá sé le fáil go díreach ón suíomh seo.
Malairtí stíle
Gheofar eolas ar úsáid na malairtí stíle in MS Windows anseo.



macOS

Suiteáil
Oibreoidh na clónna i gcnuasach Ghaelchló le macOS. Gheofar comhairle ar an mbealach lena suiteáil anseo
Méarchlár
Oibreoidh an méarchlár bog dar teideal Cló Gaelach le gach leagan de macOS ó 'Tiger' (macOS 10.4) amach. Tá sé le fáil go díreach ón suíomh seo.
Malairtí stíle
Gheofar eolas ar úsáid na malairtí stíle i macOS anseo.



Linux

Suiteáil
Oibreoidh na clónna i gcnuasach Ghaelchló le Linux. Gheofar comhairle ar na bealaí éagsúla suiteála atá ann anseo
Méarchlár
Más é Linux do rogha, lean an nasc seo chun eolas a fháil ar an méarchlár bog don chló Gaelach a dháiltear in éineacht leis an gcóras oibriúcháin.
Malairtí stíle
Gheofar eolas ar úsáid na malairtí stíle i Linux anseo.



Malairtí stíle

Stíleanna malartacha
Tá malairtí stíle (stylistic alternates) le fáil i roinnt de na clónna i gcnuasach Ghaelchló agus beimid ag cur lena líon de réir a chéile. Chun comhairle a fháil ar úsáid na malairtí stíle, téigh chuig an leathanach seo agus roghnaigh an córas oibriúchán atá in úsáid agat.



WOFF2

Web Open Font Format, leagan 2
Tá beagnach gach cló i gcnuasach Ghaelchló le fáil sa leagan is déanaí den Web Open Font Format (WOFF2) anois. Is féidir clónna WOFF2 a úsáid ar leathanaigh ghréasáin agus beidh gach brabhsálaí nua-aoiseach in ann iad a thaispeáint mar is cóir. Gheofar comhairle ar úsáid na gclónna WOFF2 anseo



Clóċur

Moltaí clóchuir
Más mian leat an cló Gaelach a úsáid chun téacsanna a chlóbhualadh nó a fhoilsiú ar an ngréasán domhanda, gheobhaidh tú comhairle faoin gcur chuige is fearr anseo.