Méarċlár le haġaiḋ macOS

Dáiltear macOS in éineacht le méarchlár bog darb ainm 'Irish-Extended' lenar féidir an cló Gaelach a scríobh. Is féidir na gutaí fada a aimsiú go héasca le 'Irish-Extended': ní gá ach 'option' (nó 'alt') agus an guta atá uait a bhualadh in éineacht. Ach tá sé níos deacra na consain shéimhithe a bhreacadh: caithfear 'option' (nó 'alt') agus 'w' a bhualadh roimh an gconsan atá le séimhiú. Thairis sin, níl aon bhealach éasca ann chun na foirmeacha inseacha de 'r' agus 's' a scríobh. Dá bhrí sin, tá méarchlár bog eisithe ag Gaelchló a ligfidh duit gach carachtar den chló Gaelach a scríobh gan stró.

Faigh an comhad macgael.zip ina bhfuil an méarchlár bog dar teideal 'Cló Gaelach'.



Suiteáil an ṁéarċláir

1. Tá an méarchlár pacáilte i gcomhad comhbhrúite a bhfuil macgael.zip air agus méadóidh macOS an comhad sin go huathoibríoch chun fillteán darb ainm Keyboard Layouts a chruthú (mura dtarlóidh sé sin, cliceáil air macgael.zip lena mhéadú). Laistigh den fhillteán beidh dhá chomhad: Cló Gaelach.keylayout (an méarchlár bog) agus Cló gaelach.icns (deilbhín an mhéarchláir):
macOS 26

2. Agus an 'Finder' ar oscailt, téigh chuig Go > Library > Keyboard Layouts agus sábháil an dá chomhad (Cló Gaelach.keylayout agus Cló gaelach.icns) ó chéim a haon sa bhfillteán.
macOS 26

3. Téigh go dtí an roghchlár ag barr an scáileáin ar dheis, buail deilbhín an mhéarchláir agus roghnaigh Open Keyboard Settings, mar a léirítear thíos:
macOS 26
Osclóidh fuinneog cosúil leis an gceann thíos ar a dtaispeánfar liosta de na méarchláir bhoga atá le fáil ar an ríomhaire faoi láthair:
macOS 26

4. Buail an + beag in íochtar na fuinneoige ar chlé agus osclóidh fuinneog nua. Téigh síos go bun liosta na dteangacha agus roghnaigh Others mar atá léirithe thíos:
macOS 26
Roghnaigh Cló Gaelach agus Add. Cuirfear an méarchlár nua le liosta na méarchlár atá le fáil, mar atá léirithe thíos:
macOS 26
Buail an cnaipe a bhfuil Done air chun an fhuinneog a dhúnadh.

5. Téigh ar ais go dtí an roghchlár ag barr an scáileáin ar dheis agus roghnaigh Cló Gaelach mar mhéarchlár oibre:
macOS 26
Beidh tú in ann aistriú idir na méarchláir éagsúla atá suiteáilte ar an ríomhaire (idir Irish, Irish-Extended agus Cló Gaelach sa sampla thíos) de réir mar a oirfidh ceann nó eile de na méarchláir don obair a bheidh idir lámha:
macOS 26

Léiríonn an físeán thíos conas an méarchár bog a shuiteáil. Tosaíonn sé leis an gcomhad comhbhrúite atá le fáil ó Ghaelchló:

Tá na treoracha thuas curtha in oiriúint don leagan reatha de macOS ('Tahoe') agus is é an leagan sin den chóras atá le feiceáil sa bhfíseán.



Úsáid an ṁéarċláir

Chun carachtar a scríobh le 'Cló Gaelach' ní gá ach luí ar an gcnaipe a bhfuil 'option' (nó 'alt') air agus cnaipe eile a bhualadh ag an am céanna. Mar shampla, chun an litir 'á' a scríobh, luigh ar 'alt' agus buail 'a'. Léiríonn an tábla thíos conas a scríobhtar na carachtair éagsúla.

option (nó alt) in éineaċt le ...Caraċtar
  
AÁ
aá
EÉ
eé
IÍ
ií
OÓ
oó
UÚ
uú
BḂ
bḃ
CĊ
cċ
DḊ
dḋ
FḞ
fḟ
GĠ
gġ
MṀ
mṁ
PṖ
pṗ
SṠ
sṡ
TṪ
tṫ
rɼ
zſ
hẛ
7 nó &⁊