Stíleanna malartaċa (macOS)

Tá malairtí stíle (stylistic alternates) le fáil i gclónna áirithe i gcnuasach Ghaelchló agus beimid ag cur lena líon de réir a chéile. Má tá malairt stíle le fáil i gcló, beifear in ann tacar stíle (stylistic set) a roghnú chun cruth eile a chur ar charachtair éagsúla sa chló sin agus beidh na sonraí le fáil ar leathanach an chló atá i gceist. Ar an leathanach seo, léirítear conas is féidir teacht ar mhalairtí stíle in MS Word agus in Pages, dhá cheann de na feidhmchláir is mó a úsáidtear le macOS.



MS Word

Chun teacht ar thacar stíle in MS Word, buail an saighead thíos le haghaidh Text Effects and Typography. Roghnaigh Stylistic Sets sa bhosca a osclóidh, agus ansin roghnaigh an tacar stíle atá uait ón liosta a thaispeánfar.



Pages

Chun teacht ar thacar stíle in Pages, téigh chuig Format, ansin chuig Font, agus ar aghaidh chuig Show Fonts. Buail an íomhá de roth fiaclach, roghnaigh Typography agus ansin roghnaigh an tacar stíle ata uait ón liosta a thaispeánfar. Athróidh stíl na litreacha mar atá léirithe sa dara pictiúr thíos.