Stíleanna malartaċa (MS Windows)

Tá malairtí stíle (stylistic alternates) le fáil i gclónna áirithe i gcnuasach Ghaelchló agus beimid ag cur lena líon de réir a chéile. Má tá malairt stíle le fáil i gcló, beifear in ann tacar stíle (stylistic set) a roghnú chun cruth eile a chur ar charachtair éagsúla sa chló sin agus beidh na sonraí le fáil ar leathanach an chló atá i gceist. Ar an leathanach seo, léirítear conas is féidir teacht ar mhalairtí stíle in MS Word agus in LibreOffice Writer, dhá cheann de na feidhmchláir is mó a úsáidtear le MS Windows.



MS Word

Chun teacht ar thacar stíle in MS Word, téigh chuig Font agus ansin chuig Advanced. Roghnaigh an tacar stíle ata uait, mar atá léirithe sa phictiúr thíos. Beidh cuma nua an téacs le feiscint mar réamhspléachadh sa bhosca a bhfuil Preview air. Buail an cnaipe a bhfuil OK air chun an t-athrú a dhéanamh.



LibreOffice Writer

Chun teacht ar thacar stíle in LibreOffice Writer, téigh chuig View agus ansin chuig Sidebar. Osclóidh painéal a bhfuil Properties air. Scríobh ":ssXY" go díreach i ndiaidh ainm an chló, nuair is é "XY" uimhir an tacair atá uait. Mar shampla, chun teacht ar thacar stíle uimhir a haon de Ríchló GC, scríobh "Ríchlo GC:ss01" sa bhosca ina bhfuil ainm an chló agus buail Enter, mar atá léirithe sa dara pictiúr thíos.