Stair an Ċló Ġaelaiġ

Tugtar spléachadh anseo ar na clónna Gaelacha a úsáideadh i ré an chló mhiotail idir an 16ú céad agus an dara leath den chéad seo caite. Tá póstaer A3 a bhfuil na clónna léirithe air le fáil anseo.



Cló Eilíse (1571)

Tógadh an sliocht thuas ó leathanach teidil an chéad leabhar sa chló Gaelach a foilsíodh riamh - Aibidil Gaoidheilge & Caiticiosma le Seán Ó Cearnaigh. Seo a bhfuil scríofa sa ghiota thuas:

Do buaileadh so á gcló ghaoidheilge, a mbaile Atha clíath, ar chosdas mhaighisdir Sheón uiser aldarman, ós chionn an dhroichid. an 20. lá do Iuín. 1571.

Noda nó nasclitreacha a úsáideadh i gcás na litreacha a bhfuil línte fúthu sa leagan athscríofa. Tá sampla de chló Eilíse anseo.



Cló Lováin (1611)

Is le haghaidh úsáid na clólainne i gColáiste San Antaine i Lováin a dearadh an cló seo. D'fhéadfaí a rá gurb é an coláiste seo na bProinsiasach Éireannach ceanncheathrú an fhrith-reifirméisin Chaitlicigh agus ceanncheathrú léinn na Gaeilge sa 17ú céad; úsáideadh an cló i leabhair chráifeacha agus diagachta nárbh fhéidir a fhoilsiú in Éirinn de bharr na dlíthe i gcoinne na heaglaise Caitlicí a bhí i bhfeidhm ag an am. Seo a bhfuil scríofa sa ghiota thuas:

As námha an chéird nách foghlamthar; ní ghlacann tú an tsácraimuinntsi acht uair san mbliadhuin & a nuair sin féin ní dhéan tú fogh-

Noda nó nasclitreacha a úsáideadh i gcás na litreacha a bhfuil línte fúthu sa leagan athscríofa. Tá sampla de chló Lováin anseo.



Cló na Róiṁe (1676)

Is ar orduithe na Cuallachta le haghaidh Chraobhscaoileadh an Chreidimh (propaganda fidei) sa Róimh a gearradh an cló seo. Úsáideach é den chéad uair nuair a foilsíodh Lóchrann na gCreidmheach le Froinsias Ó Maolmhuaidh, sagart Proinsiasach, sa bhliain 1676. Seo a bhfuil scríofa sa ghiota thuas:

go bhfuil moran mor dhiobh ar lomfhagbhail dheasbhadh an iuil, as riachtanas do gach aon ler ab mian a anam do shabhail, mur áta an teagasg criosduifhe, & ciall fhire na

Ar an mórgóir, tá cló na Róimhe níos rialta agus níos soléite ná cló Lováin. Tá sampla de chló na Róimhe anseo.



Cló Moxon (1680)

Is léir go raibh cló Lováin na bliana 1611 mar eiseamláir ag Joseph Moxon, teilgeoir cló i Londain, agus an cló seo á ghearradh aige. Tá na litreacha i gcló Moxon níos ingearaí, áfach, rud a chuireann cuma níos rialta ar an téacs. Seo a bhfuil scríofa sa sliocht thuas:

40. Agus an tan a dubhairt sé na neithesi, do thaisbéin sé dhóibh a lámha agus a chosa.
41. Acht ar mbeith míchreidmheach dhóibhsion fós tré gháirdeachas, agus ag déanamh iongantais, a dubhairt seision riú; an bhfuil biadh ar bith agaibh ann so ?

Úsáideadh cló Moxon den chéad uair nuair a foilsíodh teagasc Críostaí Anglacánach sa bhliain 1680. Clóbhuaileadh eagrán úr den Tiomna Nua leis an bhliain dár gcionn agus úsáideadh é arís nuair a foilsíodh an chéad eagrán den Sean-Tiomna sa bhliain 1685. Tá sampla de chló Moxon anseo.



Cló Ṗárais (1732)

Úsáideadh an cló seo den chéad uair le haghaidh an fhoclóra Béarla-Gaeilge a scríobh an tAthair Conchubhar Ó Beaglaoich agus a cuireadh amach i bPáras sa bhliain 1732. Ag tús an leabhair bhí dán tiomnaithe a chum Aodh Buí Mac Cruitín agus is as a tógadh an véarsa thuas. Seo a bhfuil scríofa ann:

Do bháigh le hinis éilge. Do dháil glanchlódh Gaoidheilge,
Daithbheodhadh ar tteangan tráth. Tá Gan eagar ann anbhádh.

Tá an cló seo níos cosúla le peannaireacht ná mar atá aon chló Gaelach eile dá raibh ann go dtí seo. Tá sampla de chló Phárais anseo.



Cló Parker (1787)

Baineann tábhacht ar leith leis an gcló seo mar is é an chéad chló Gaelach é a dearadh in Éirinn. Teilgeoir cló darbh ainm Stephen Parker a chruthaigh é agus is cosúil go raibh cló Phárais (féach thuas) mar eiseamláir aige. Úsáideadh é den chéad uair in iris léannta a chuir Acadamh Ríoga na hÉireann amach sa bhliain 1788, ach is é an saothar is tábhachtaí a clóbhuaileadh leis an duanaire dar teideal Reliques of Irish Poetry a chuir Charlotte Brooke in eagar agus a foilsíodh sa bhliain 1789. Tá sampla de chló Parker anseo.



Cló Watts (1818)

Is ar mholadh an Hibernian Bible Society a dearadh cló Watts le haghaidh eagráin den Tiomna Nua a foilsíodh sa bhliain 1818 agus is as an eagrán céanna a tógadh an giota thuas. Tá cló Watts ar cheann de na clónna Gaelacha is breátha dar dearadh riamh, ach bhí na litreacha ró-mhór le haghaidh riachtanais na mBíoblóirí ar theastaigh uathu eagráin shaora de na scrioptúir a dháileadh ar an bpobal. Níorbh fhada gur dearadh cló eile a bhí níos praiticiúla - féach cló Fry thíos. Tá sampla de chló Watts anseo.



Cló Fry (1819)

Tá cosúlacht nach beag idir stíl na litreacha i gcló Fry agus i gcló Watts ach tá na mionlitreacha cuid mhaith níos lú i gcló Fry, rud a laghdaigh costas na clódóireachta. Bheadh ceannlitreacha an chló nua níos oiriúnaí don chló dubh ná don chló Gaelach, áfach, rud nár thaitin le mórán léitheoirí, agus is minic a baineadh úsáid as cló measctha inar tógadh na ceannlitreacha ó chló Watts agus na mionlitreacha ó chló Fry - meascán atá le feiceáil sa sliocht thuas as eagrán de Laoidh Oisín ar Thír na nÓg a cuireadh amach i mBaile Átha Cliath i dtreo dheireadh an chéid (níl dáta a fhoilsithe luaite air). Tá sampla de chló Fry anseo.



Cló Figgins (1825)

B'fhéidir gurb é seo an cló Gaelach is leithlí dar dearadh riamh. Ní hamháin nach raibh na consain shéimhithe le fáil ann, ach bhí na ceannlitreacha 'R' agus 'S' ar aon dul leis na mionlitreacha ó thaobh dearadh de (féach an focal 'Róimh' sa dara líne thuas). Mar bharr ar an donas, chuir cruth na gceannlitreacha 'M' agus 'N' mearbhall ar an té a chuir an cló don saothar is tábhachtaí inar úsáideadh é, an Irish Minstrelsy le James Hardiman (1831). Ní nach ionadh, is beag úsáid a baineadh as an gcló ina dhiaidh sin. Caithfear a rá, áfach, go bhfuil buanna áirithe ag baint leis agus go bhféadfaí na lochtanna atá air a leigheas gan mórán stró i ré seo na ríomhaireachta. Tá sampla de chló Figgins anseo.



Cló Petrie (1835, 1850)

Úsáideadh an cló seo go minic le haghaidh mórán eagrán de shaothair acadúla sa dara leath den 19ú céad agus isteach sa chéad seo caite. Is é an saothar is tábhachtaí díobh ar fad, b'fhéidir, an t-eagrán de Annála Ríoghachta Éireann a cuireadh amach sa bhliain 1856, ach is as Duanaire Dháibhidh Uí Bhruadair (1917) a tógadh an giota thuas. Rinneadh dhá leagan den chló a bhfuil miondifríochtaí eatarthu: 'Petrie A' a dearadh sa bhliain 1835 agus 'Petrie B' a dearadh sa bhliain 1850. Is é an dara ceann ata léirithe thuas agus sa sampla anseo.



Cló an Ċumainn Seandálaíoċta (1856)

Seo cló eile de chuid George Petrie agus glaotar 'Petrie C' air uaireanta. Tá sé i bhfad níos cuartha ná Cló Petrie, afach, agus sílim gurbh fhearr ainm éagsúil a thabhairt air. Tugaim 'Cló an Chumainn Seandálaíochta' air anseo mar is le haghaidh úsáide an Irish Archaeological and Celtic Society a dearadh é. Tá sampla de chló an Chumainn Seandálaíochta anseo.



Cló Newman (1858)

Dearadh an cló seo le haghaidh Ollscoil Chaitliceach na hÉireann toisc gur diúltaíodh cead don ollscoil Cló Petrie - ar le clólann Choláiste na Tríonóide é - a úsáid. Is ar Chló Newman a bunaíodh formhór na gclónna Gaelacha a dearadh ó shin i leith, ní nach ionadh mar tá sé níos soléite agus níos rialta ná aon chló a chuaigh roimhe. Caithfear a rá, áfach, go raibh sciar ró-mhór den mhargadh ag an gcló seo ar feadh i bhfad: bhí na comhlachtaí clótheilgin go léir sásta aithris a dhéanamh ar a chéile in ionad clónna nuadheartha a chur amach. Cé gur foilsíodh i bhfad níos mó ábhair i nGaeilge sa chéad leath den 20ú céad ná in aon tréimhse roimhe sin, is beag forbairt a rinneadh ar an gcló Gaelach sna blianta céanna. Is é an dearcadh a bhí ag Gaeilgeoirí na linne, de réir dealraimh, gur leor cló maith amháin agus go mbeadh an dara ceann iomarcach. D'fhág an dearcadh cúng sin go raibh cuma thur mharbhánta ar fhoilseacháin na Gaeilge i ré na hathbheochana, rud a réitigh an bealach do bhua an chló Rómhánaigh i 'gcogadh na gclónna' ar ball. Tá sampla de chló Newman anseo.



Cló Uí Ṡearcaiġ (1925)

Níor úsáideadh an cló seo ach uair amháin don Ghaeilge - le haghaidh leabhair dar teideal Foghraidheacht Ghaedhilge an Tuaiscirt le Séamus Ó Searcaigh a d'fhoilsigh an comhlacht foilsitheoireachta Browne & Nolan sa bhliain 1925. Is sa Ghearmáin a clóbhuaileadh an saothar úd agus ceaptar nach don Ghaeilge ach don Sean-Bhéarla a dearadh an cló an chéad lá ariamh. Tabhair faoi deara nach raibh ach dhá cheannlitir sa stíl Ghaelach le fáil ann ('G' agus 'H') - litreacha Rómhánacha a úsáideach le haghaidh na gceannlitreacha eile go léir. Tá sampla de chló Uí Shearcaigh anseo.



Cló Ċolm Cille (1939)

Is cló é seo a dhear Colm Ó Lochlainn agus a d'úsáid sé ina chlólann féin, 'Faoi Chomhartha na dTrí gCoinneal', ach nach bhfuair an t-aitheantas ná an tacaíocht a bhí ag dul dó riamh. Níl aon amhras ach gurb é cló Cholm Cille an cló Gaelach is fearr dar dearadh i ré an chló miotail, ré a mhair ón 16ú céad go dtí an 20ú céad i gcás na Gaeilge ach atá chomh marbh le ré na lámhscríbhinní anois. Is as an leabhar Ór na h-Aitinne le Tomás Bairéad, a foilsíodh i 1949, a tógadh an giota thuas. Tá sampla de chló Cholm Cille anseo.



An Cló Nua-Róṁánach (1964)

Is cló é seo a dhear Liam Miller agus nár úsáideadh ach le haghaidh aon leabhar amháin - an t-eagrán de An Béal Bocht ónar tógadh an sampla thuas. Mar a thugann an t-ainm le tuiscint, ní cló Ghaelach é seo ach cló Rómhánach a leasaíodh le go mbeifí in ann an ponc séimhithe a chur isteach ann. Smaoineamh maith a bhí ann, ach smaoineamh nár éirigh leis ... go fóill cibé ar bith.