Suiteáil (Linux)

Is feidir comhéadan grafach nó líne na n‑orduithe a úsáid chun clónna a shuiteáil in Linux.



Coṁéadan grafaċ

Bíonn feidhmchlár cosúil le Font le fáil i mbeagnach gach leagan de Linux ar na saolta seo. Cliceáil faoi dhó ar dheilbhín an chló atá le suiteáil le cnaipe clé na luiche agus osclóidh fuinneog cosúil leis an gceann thíos. Tabharfaidh sé seo deis duit dearadh an chló a scrúdú gan é a shuiteáil.

Más mian leat an cló a suiteáil, níl le déanamh ach an cnaipe a bhfuil 'Install' air a bhualadh.

Má bhuaileann tú 'Info' seachas 'Install', beidh tú in ann cibé eolas i dtaobh an chló atá sa chomhad a léamh - mar atá léirithe sa phictiúr thíos.

Má theipeann ar an modh thuas (nó más Linuxóir go smior thú) is féidir líne na n‑orduithe a úsáid chun cló a shuiteáil.



Líne na nOrduiṫe

Is iomaí dáiliúchán de Linux atá ann agus ní mar an gcéanna a chaitheann siad le clónna. Chun a fháil amach cá bhfuil na clónna suite ar do ríomhaire féin, cuir an t‑ordú seo a leanas isteach i líne na n‑orduithe:
locate .ttf
Taispeánfaidh an freagra duit cá bhfuil na clónna TrueType suite ar do ríomhaire. Mar an gcéanna, aimseoidh an t‑ordú seo a leanas na clónna OpenType go léir:
locate .otf
Moltar duit clónna nua a choinneáil i gcomhadlann a bhfuil mórchuid clónna inti cheana.

Seo mar atá cúrsaí in Linux Mint, ceann de na dáiliúcháin is coitianta de Linux:
1. Más mian leat go mbeidh an cló nua le fáil ag gach duine a úsáideann an ríomhaire, sábháil é in:
/usr/share/fonts
2. Ach más fearr leat nach mbeidh an cló le fáil ach ag úsáideoir áirithe, cuir i dtaisce é in:
/home/username/.local/share/fonts/
nuair is é 'username' ainm an úsáideora atá i gceist.

Is cóir an t‑ordú seo a leanas a rith ó líne na n‑orduithe ag an deireadh:
sudo fc-cache -f -v
Cinnteoidh sé seo go mbeidh an cló nua le fáil i ngach ríomhchlár.