Suiteáil (macOS)

Chun cló nua a shuiteáil in macOS, cliceáil ar dheilbhín an chló faoi dhó agus osclóidh bosca cosúil leis an gceann atá léirithe thíos. Le críochnú, buail an cnaipe ag bun an bhosca ar dheis a bhfuil Install air.

suiteáil

Cuirfear an cló i dtaisce i gceann nó eile de dhá áit, ag brath ar an réamhshocrú a rinneadh sa chlár darb ainm Font Book.

Má socraíodh roimh ré go mbeadh clónna nua le fáil ag gach aon duine a úsáideann an ríomhaire, sábhálfar iad in:
      Computer/Macintosh HD/Library/Fonts/
Sa chás sin, beidh an cló le feiceáil nuair a roghnaítear All Fonts in Font Book.

Ach más é an réamhshocrú a rinneadh nach mbeidh clónna nua le fáil ach ag an úsáideoir amháin, cuirfear i dtaisce iad in:
      Computer/Macintosh HD/Users/UserName/Library/Fonts/
nuair is é 'UserName' ainm an úsáideora atá i gceist. Sa chás sin, beidh an cló le feiceáil nuair a roghnaíonn an té sin My Fonts in Font Book.

Thíos: mar a léirítear Glanchló GC sa leagan de Font Book a dháiltear le 'Tahoe' (macOS 26).
Font Book