Clónna le Dearṫóirí Eile

Tá réimse leathan de chlónna digiteacha sa stíl Ghaelach curtha amach le blianta beaga anuas. Go deimhin, ní áibhéal a rá gur mó an líon clónna a dearadh ón mbliain 1989 i leith ná mar a dearadh sa cheithre chéad bliain roimhe sin. Ní liosta cuimsitheach é seo, ach tá eolas ar roinnt de na clónna digiteacha is fearr le fáil anseo thíos.



Keith Bates

Tá dhá chló sa stíl inseach nó Ghaelach foilsithe ag Keith Bates, dearthóir atá i mbun K-Type, clóchearta atá lonnaithe i Manchain Shasana.

Celtica

Is cló lom gan trasmhíreanna é Celtica ina bhfuil cuma inseach ar na litreacha. Tá na gutaí fada agus na consain shéimhithe a theastaíonn don Ghaeilge le fáil ann, mar aon leis an nod '⁊', ach tá na seanfhoirmeacha arda de 'r' agus 's' in easnamh. Ní droch-chló é seo in aon chor agus is féidir é a fháil anseo.

Irish Penny

Tá an cló seo bunaithe go dlúth ar an litreoireacht a bhí ar bhoinn airgid Shaorstát Éireann. Tá dearadh na litreacha in Irish Penny níos dílse don bhunfhoinse ná mar atáid i Saorchló GC. Tá an 'd' bunaithe ar an siombal le haghaidh 'pingin' a úsáideach ar na boinn, áfach, agus tá an 'r' inseach ar iarraidh cé go bhfuil an 's' inseach le fáil sa chló. Tá na gutaí fada agus na consain shéimhithe a theastaíonn don Ghaeilge le fáil ann. Tá Irish Penny ar díol anseo.



Michael Everson

Tá cnuasach clónna dar teideal Celtscript á dhíol ag Michael Everson - an clódhearthóir a chuir tús le hathbheochaint dhigiteach an chló Ghaelaigh. Tá eolas breise ar na clónna le fáil ar shuíomh CeltScript agus tá siad le ceannach ó MyFonts.

Ceanannas

An é seo an cló Gaelach is áille dár dearadh riamh? Ní féidir freagra oibiachtúil a thabhairt ar cheist mar sin ach níl leisce ar bith orm a rá gurb ea. Tá Ceanannas bunaithe go scaoilte ar an mórpheannaireacht inseach - an stíl peannaireachta atá le feiceáil i Leabhar Cheanannais - ach é curtha in oiriúint do riachtanais an lae inniu. Cló den chéad scoth is ea é atá greanta soléite.

Corcaigh

Cló ornáideach is ea Corcaigh a bunaíodh ar na litreacha a bhíodh le feiceáil ar shean-suaitheantas Chonradh na Gaeilge. Tá Corcaigh soiléir soléite, ach beagáiníin ró-mhaisiúil b'fhéidir le haghaidh téacsanna leanúnacha.

Doire

Cló aonleithid is ea Doire a bunaíodh ar litreacha chlóscríobhán an Royal Typewriter Company. Caithfear a rá nár réitíodh an fhadhb a bhaineann leis an litir "i" i gclónna clóscríofa sa chás seo.

Duibhlinn

Is leagan digiteach é seo den chló Gaelach a d'eisigh an comhlacht Monotype sa bhliain 1906 ('Series 24') agus a bhí in úsáid ar feadh breis is caoga bliain. Bhí cló Monotype an-chosúil le cló Newman a cuireadh amach timpeall na blaina 1858. Tá Duibhlinn thar a bheith dílis dá eiseamláir agus tá cuma an chló miotail air. Cló is ea é a oireann go maith do théacsanna fada.

Dumha Goirt

Is leagan digiteach é Dumha Goirt de chló Watts, cló a eisíodh don chéad uair sa bhliain 1818 agus a úsáideadh go coitianta sa chéad leath den 19ú céad. Leanadh an eiseamláir chomh dlúth sin gur féidir a rá go bhfuil na lochtanna céanna le brath ar an dá chló - litreacha beaga míchothroma ar fiar. Ach más cló seanfhaiseanta a bhfuil cuma an tseanreachta air a theastaíonn uait, ní féidir Dumha Goirt a bhualadh. 'Acaill' a bhí ar leaganacha luatha den chló seo.

Loch Garman

Cló darb ainm Baoithín a dhear Colm Ó Lochlainn sa bhliain 1932 a bhí mar eiseamláir don chló seo. Ní raibh i mBaoithín féin ach leagan Gaelaithe de Hammer Unziale a chruthaigh Viktor Hammer, clódhearthóir ón Ostair, sa bhliain 1921. Tá Loch Garman trom soiléir agus bheadh sé oiriúnach le haghaidh comharthaí poiblí, fógraí nó a leithéidí.

Teamhair

Is leagan digiteach é seo de chló aonleithid a bhíodh in úsáid ar chlóscríobháin láimhe de dhéantús Tower. Tá Teamhair níos ornáidí ná mar a bheifí ag súil leis i gcás cló clóscríofa.



Pádraig McCarthy

Dhear Pádraig McCarthy an chéad leagan den chló seo sa bhliain 1993 agus níor chuir sé srian ar bith lena dháileadh ná lena úsaid. D'eisigh Fios Feasa leagan leasaithe a raibh 'Gaeilge 2' air in 1997 agus chuir KAD na Briotáine leagan eile amach a raibh 'Gaeilge UNICODE' air in 2003. Tá 'Gaeilge 4' á chur ar fáil anois ag Gaelchló le caoinchead an dearthóra, Pádraig McCarty. Cuireadh cruth nua ar na ceannlitreacha 'V', 'W', 'X' agus 'Y' i leagan 4.1 den chló.

Gaeilge 4

Cló sa stíl leath-uingeach is ea Gaeilge 4. Tá sé le fáil anseo mar chló TrueType: faigh an comhad Gaeilge4.zip.



Matt McDonagh

Cló amháin atá curtha amach ag Matt McDonagh go dtí seo, ach táthar ag súil le tuilleadh uaidh amach anseo. Tá an cló le fáil saor in aisce óna shuíomh pearsanta anseo.

Macalla

Is cló digiteach ard-chaighdeáin é Macalla i stíl an chló ar a dtugtar cló Watts. Féach freisin Dumha Goirt thuas agus Seanchló GC.



John McMillan

Is cló é Feirste a dhear John McMillan in 2018. Is leagan Gaelaithe é de Farset - cló rómhánach ar leagan digiteach é den litreoireacht atá le feiceáil ar na sean-chomharthaí sráide i mBéal Feirste. Tá sé le ceannach ó shuíomh MuirMcNeil.

Feirste

Aisteach go leor, cé gur leagan inseach den litir 'r' atá sa chló, níl leagan inseach den litir 's' le fáil ann.



Feòrag NicBhrìde

Is cló-dhearthóir Albanach í Feòrag NicBhrìde a bhfuil roinnt clónna deartha aici. Ina measc seo tá cló a bhfuil 'Cianán Ùr' air atá bunaithe ar pheannaireacht Ghaelach. Is féidir an cló sin a ioslódáil ó shuíomh an dearthóra anseo.

Cianchló

Ar an drochuair, ní oireann Cianán Ùr don Ghaeilge toisc gur 'r' rómhánach atá ann. Ós rud é gur eisíodh an cló faoin SIL Open Font License, bhí sé de chead againn dearadh an 'r' a athrú agus cló leasaithe a fhoilsíu faoi ainm nua. Le heisceacht an 'r', tá na litreacha eile go léir in Cianchló ar aon dul leis na litreacha in Cianán Ùr. Tá Cianchló le fáil anseo mar chló OpenType: faigh an comhad Cianchlo.zip. Tá Cianchló á chur amach ag Gaelchló faoi théarmai an SIL Open Font License.



Séamas Ó Brógáin

Níl ach cló amháin curtha amach ag Séamas Ó Brógáin go fóill ach is cló ard-chaighdeáin é. Is féidir é a fháil ó shuíomh pearsanta Shéamais anseo.

Gadelica

Cló nua-dheartha is ea Gadelica ach tá tionchar áirithe ó chló Eilíse, an chéad chló Gaelach a rinneadh riamh, le brath air. Tá an cló rialta soléite agus d'oirfeadh sé do théacsanna fada. Tá leagan trom agus leagan iodálach de Gadelica le fáil.



Liam O'Connor

Ba dhearthóir gairmiúil é Liam O'Connor a fuair bás sa bhliain 2010. Foilsíodh Gaelic Schoolbook ar dhlúthdhiosca in 2009 ach is cosúil nach bhfuil sé le fáil anois.

Gaelic Schoolbook

Bunaíodh an cló seo ar pheannaireacht Liam O'Connor, dearthóir gairmiúil, agus tháirg an Electronic Font Foundry, comhlacht Sasanach nach bhfuil ag feidhmiú a thuilleadh, an cló digiteach. Tá an cló códaithe de réir Unicode agus eisíodh ceithre leagan de: gnách, iodálach, trom, agus trom iodálach. Is smál ar dhearadh maith é go bhfuil ponc ar an 'i', ach is féidir teacht timpeall ar an bhfadhb seo trí 'ı' na Tuircise a úsáid.



Colm Ó Loċlainn

Sa bhliain 1892 a rugadh Colm Ó Lochlainn agus d'éag sé sa bhliain 1972. Bhain an chlólann a bhunaigh sé, 'Faoi Chomhartha na dTrí gCoinneal', cáil amach de bharr ardchaighdeán na leabhar a clóbhuaileadh inti - leabhair Ghaeilge ina measc.

Colmcille

Dhear Colm Ó Lochlainn an cló gleoite seo sa bhliain 1936 le haghaidh an Monotype Corporation, ach ní bhfuair sé an t-aitheantas a bhí ag dul dó riamh. Chruthaigh Dara Ó Lochlainn, mac leis an dearthóir, leagan digiteach den chló sa bhliain 1993. Ar an drochuair, cuireadh litreacha sa stíl Rómhánach isteach in ionad roinnt de na litreacha Gaelacha ('d', 'f', 'G', 'g', 'i', 'r', 's' agus 't'). Tá na litreacha bunaidh fós le fáil in áiteanna eile sa chló ach níl an códú ag teacht le caighdeán Unicode, rud a bhaineann go mór de luach an leagain digitigh. Tá sé le ceannach ó shuíomh Linotype anseo



Norbert Reiners

Is clódhearthóir gairmiúil ón nGearmáin é Norbert Reiners a bhfuil dhá chló sa stíl Ghaelach deartha aige: Eirinn (1994) agus EF Ossian Gaelic (1995). Tá tionchar cló Petrie le brath ar Eirinn ach ní féidir an cló sin a mholadh toisc go bhfuil na consain shéimhithe ar iarraidh.

EF Ossian Gaelic

Tá cuma shainiúil go leor ar EF Ossian Gaelic agus tá na litreacha go léir atá riachtanach don Ghaeilge le fáil ann. Tá gnáthleagan agus leagan trom den chló le fáil agus is féidir iad a cheannach anseo.



Andreas Stötzner

Is clódhearthóir gairmiúil ó Leipzig na Gearmáine é Andreas Stötzner. Tá réimse leathan clónna deartha aige agus tá roinnt acu seo curtha in oiriúint aige don Ghaeilge le blianta beaga anuas. Tá a chuid clónna le ceannach ó MyFonts.

Andron EIR Corpus

Is leagan Gaelach é seo de chló darb ainm Andron a dhear Stötzner; tá leagan Rómhánach agus leagan i stíl Fraktur na Gearmáinise réitithe aige chomh maith. Cé go bhfuil cuma ornáideach ar Andron, d'fhéadfaí é a úsáid le haghaidh téacsanna fada.

Ardagh

Cló ornáideach i stíl na peannaireachta leath-uingí is ea é seo. Ceannlitreacha ar fad agus ann ní bheadh an cló oiriúnach le haghaidh téacsanna leanúnacha, ach bheadh sé ar fheabhas ar fhógraí clóbhuailte nó ar fhoilseacháin mhaisiúla eile.

Hibernica Medior agus Hibernica Minor


Is cló nua-aoiseach gan trasnáin é seo atá bunaithe ar chló eile le Stötzner darb ainm Lapidaria. Tá dhá stíl den chló ('Medior' is 'Minor') agus trí mheáchan (éadrom, meánach is trom) den dá stíl le fáil. D'fhéadfaí an cló a úsáid le haghaidh fógraí nó chun téacsanna leanúnacha a fhoilsiú.