Seanchló GC

Tá Seanchló bunaithe go scaoilte ar chló Watts a dearadh timpeall na bliana 1818 agus a úsáideadh le haghaidh mórán eagrán den Bhíobla i rith an 19ú aois. Is carachtair nua-dheartha iad na litreacha nach bhfaightear in aibítir stairiúil na Gaeilge (j, k, q, v, w, x, y agus z).

Tá stíl an chló seo chomh seanfhaiseanta sin nach bhféadfaí é a úsáid mar chló téacs sa lá atá inniu ann. Caithfear breathnú ar Sheanchló mar chló ornáideach anois agus d'fhéadfaí é a úsáid sna cásanna céanna ina n-úsáidtear an cló dubh don Bhéarla (leithéidí Cloister Black, Old English Text nó Goudy Text mar shampla).

Eisíodh an chéad leagan de Sheanchló GC sa bhliain 1998.

An ġnáṫḟoireann

Tá an cló seo códaithe de réir Unicode, an caighdeán idirnáisiúnta, agus tá na carachtair go léir ann léirithe anseo. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

An ḟoireann ṫrom

Tá an cló seo códaithe de réir Unicode, an caighdeán idirnáisiúnta, agus tá na carachtair go léir ann léirithe anseo. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

Malairtí stíle

Tá leaganacha nua-aoiseacha de 'r' agus de 's' le fáil mar mhalairtí stíle (stylistic alternates) i leagan 7.00 den chló. Lena n‑úsáid, roghnaigh stylistic set 1:

Íoslódáil

Más mian leat an cló seo a úsáid ar do ríomhaire pearsanta, faigh an comhad seangc.zip ina bhfuil leagan 7.00 de Sheanchló GC agus de Sheanchló Trom GC mar chlónna OpenType.

Más mian leat an cló seo a úsáid ar leathanach gréasáin, faigh an comhad seanw.zip ina bhfuil leagan 7.00 de Sheanchló GC agus de Sheanchló Trom GC sa Web Open Font Format.