Leagan rialta, ingearach den stíl pheannaireachta ar a dtugtar an mhórpheannaireacht inseach is ea Órchló GC. Tá Órchló GC bunaithe go dlúth ar chló darbh ainm 'Kilfane' a dhear William Curran. B'iontráil é Kilfane i gcomórtas dar theideal 'Design an Irish Typeface' a d'eagraigh na Kilkenny Design Workshops agus comhlacht Letraset in 1978. Cé nár bhuaigh Kilfane an comórtas, chuir Letraset an cló amach mar aistreoga cuimilte. Roghnaigh Robert Ballagh an cló don tsraith de nótaí airgid a dhear sé in 1991 - sraith nótaí a bhí in úsáid go dtí teacht an euro in 2002.
Cló ornáideach is ea Órchló GC go príomha, ach d'fhéadfaí é a úsáid le haghaidh na gceannteideal i dtéacs fada freisin.
Eisíodh an chéad leagan d'Órchló GC sa bhliain 2001.
Tá Órchló GC códaithe de réir Unicode, an caighdeán idirnáisiúnta, agus tá na carachtair go léir ann léirithe anseo. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.
Tá roinnt malairtí stíle (stylistic alternates) le fáil i leagan 8.00 den chló in éineacht leis an stíl réamhshocraithe. Lena n‑úsáid, roghnaigh tacar stíle uimhir a haon (ss01), uimhir a dó (ss02), nó uimhir a trí (ss03), mar atá léirithe thíos:
Más mian leat an cló seo a úsáid ar do ríomhaire pearsanta, faigh an comhad orgc.zip ina bhfuil leagan 8.00 d'Órchló GC mar chló OpenType. | |
Más mian leat an cló seo a úsáid ar leathanach gréasáin, faigh an comhad orw.zip ina bhfuil leagan 8.00 d'Órchló GC sa Web Open Font Format. |