Aonchló GC

Cló ar aonleithead is ea Aonchló GC, .i. tá na litreacha go léir ann chomh leathan lena chéile mar a bhíodh i ré na gclóscríobhán. Oirfidh an cló seo don té ar mhaith leis cuma chlóscríofa a chur ar théacs. Cló nua-dheartha atá ann mar sin féin is níor deineadh aithris ar chló clóscríofa ar leith nuair a bhíothas á dhearadh.

Cé gur chlónna téacs iad na clónna aonleithid tráth den saol, caithfear breathnú orthu anois mar chlónna ornáideacha a úsáidtear chun ré na gclóscríobhán a chur i gcuimhne don léitheoir. D'fhéadfaí Aonchló a úsáid in éineacht le leithéidí Prestige, Orator nó Letter Gothic - agus go háirithe in éineacht le Courier New ós rud é go bhfuil litreacha an dá chló ar aon airde agus ar aon leithead.

Eisíodh an chéad leagan d'Aonchló GC sa bhliain 2003.

An ġnáṫḟoireann

Aonchló GC

Tá an cló seo códaithe de réir Unicode, an caighdeán idirnáisiúnta, agus tá na carachtair go léir ann léirithe anseo. Tá sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo le léamh anseo má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

An ḟoireann iodálaċ

Aonchló Iodálach GC

Tá an cló seo códaithe de réir Unicode, an caighdeán idirnáisiúnta, agus tá na carachtair go léir ann léirithe anseo. Tá sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo le léamh anseo má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

An ḟoireann ṫrom

Aonchló Trom GC

Tá an cló seo códaithe de réir Unicode, an caighdeán idirnáisiúnta, agus tá na carachtair go léir ann léirithe anseo. Tá sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo le léamh anseo má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

Malairtí stíle

Tá na leaganacha inseacha de 'r' agus de 's' le fáil mar mhalairtí stíle (stylistic alternates) i leagan 7.00 den chló. Lena n‑úsáid, roghnaigh stylistic set 1:

Íoslódáil

Más mian leat an cló seo a úsáid ar do ríomhaire pearsanta, faigh an comhad aongc.zip ina bhfuil leagan 7.00 d'Aonchló GC, d'Aonchló Iodálach GC agus d'Aonchló Trom GC mar chlónna OpenType.

Más mian leat an cló seo a úsáid ar leathanach gréasáin, faigh an comhad aonw.zip ina bhfuil leagan 7.00 d'Aonchló GC, d'Aonchló Iodálach GC agus d'Aonchló Trom GC sa Web Open Font Format.