Má tá malairtí stíle (stylistic alternates) le fáil i gcló, beifear in ann tacar stíle (stylistic set) a roghnú chun cruth éagsúil a chur ar litreacha áirithe sa chló sin. Mar shampla, d'fhéadfaí tacar stíle ar leith a roghnú chun foirmeacha inseacha ('ɼ', 'ſ', 'ẛ') a chur isteach in ionad na bhfoirmeacha atá réamhshocraithe ('r', 's', 'ṡ').
Má tá malairtí stíle le fáil i gcló ar leith, beidh na sonraí le léamh ar leathanach an chló sin. Chun teacht ar threoracha faoi úsáid na stíleanna malartacha seo i roinnt de na feidhmchláir is coitianta, roghnaigh an córas oibriúcháin atá in úsáid agat anseo thíos.
Stíleanna malartacha in MS Windows | |
Stíleanna malartacha in macOS | |
Stíleanna malartacha in Linux |