Ardchló Eorpach GC

Lámhscríbhinn Laidine

Tá an cló seo bunaithe ar an bpeannaireacht uingeach, stíl thaibhseach peannaireachta a chleacht scríobhaithe ar fud na hEorpa ón 4ú céad amach. Mar is dual don stíl idirnáisiúnta seo, tá freastal déanta ag Ardchló Eorpach GC, ní hamháin ar aibítir na Laidine, ach ar aibítir na Gréigise agus ar an aibítir Choireallach chomh maith.

In éineacht leis an leagan seo den chló, tá leagan eile le fáil ina bhfuil cruth leath-uingeach ar roinnt de na litreacha: féach Ardchló GC.

Eisíodh an chéad leagan d'Ardchló Eorpach GC (faoin ainm 'Ardchló GC') sa bhliain 2017.

An ḟoireann

Tá Ardchló Eorpach GC códaithe de réir Unicode, an caighdeán idirnáisiúnta, agus tá na carachtair go léir sa chló léirithe anseo. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

Malairtí stíle

Tá na leaganacha inseacha de roinnt litreacha ('b', 'g', 'm', 'n', 'r', 's' agus 't') le fáil mar mhalairtí stíle (stylistic alternates). Lena n‑úsáid, roghnaigh stylistic set 1:

Íoslódáil

Más mian leat an cló seo a úsáid ar do ríomhaire pearsanta, faigh an comhad ardeorgc.zip ina bhfuil leagan 4.100 d'Ardchló Eorpach GC mar chló OpenType.

Más mian leat an cló seo a úsáid ar leathanach gréasáin, faigh an comhad ardeorw.zip ina bhfuil leagan 4.100 d'Ardchló Eorpach GC sa Web Open Font Format.