Tá Caolchló GC bunaithe ar chló a dhear Hermann Hecht agus a bhuaigh an chéad duais i gcomórtas dar theideal 'Design an Irish Typeface' a d'eagraigh na Kilkenny Design Workshops in 1978. Íorónta go leor, tugadh 'Caill' ar an gcló i dtús báire ach athraíodh an t-ainm go 'Céilí' nuair a d'eisigh Letraset an cló mar aistreoga cuimilte. Rinneadh cúpla leasú ar dhearadh Hecht i gCaolchló GC: fágadh na poncanna ar 'i' agus 'j' ar lár, mar shampla, agus íslíodh an 's' inseach.
Cló ornáideach is ea Caolchló GC; ní mholtar é a úsáid i dtomhais bheaga toisc go bhfuil roinnt de na línte sa chló ró-fhíneálta.
Eisíodh an chéad leagan de Chaolchló GC in 2025.
Tá Caolchló GC códaithe de réir Unicode, an caighdeán idirnáisiúnta, agus tá na carachtair go léir ann léirithe anseo. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.
Tá na leaganacha inseacha de 'r', 's' agus 'ṡ' le fáil mar mhalairtí stíle (stylistic alternates) i gCaolchló GC. Lena n‑úsáid, roghnaigh stylistic set 1. Chun leaganacha malartacha de na litreacha 'a' agus 'æ' a fháil, roghnaigh stylistic set 2. Tá na leaganacha malartacha céanna le fáil, in éineacht leis na leaganacha inseacha de 'r' agus 's', in stylistic set 3.
Más mian leat an cló seo a úsáid ar do ríomhaire pearsanta, faigh an comhad caolgc.zip ina bhfuil leagan 1.00 de Chaolchló GC mar chló OpenType. | |
Más mian leat an cló seo a úsáid ar leathanach gréasáin, faigh an comhad caolw.zip ina bhfuil leagan 1.000 de Chaolchló GC sa Web Open Font Format. |