Cló Gaelach nua-dheartha is ea Glanchló GC ach tá tionchar áirithe ó chlónna Petrie, a bhí in úsáid sa 19ú céad, agus ó chló Cholum Cille, a dhear Colm Ó Lochlainn i lár an 20ú céad, le brath air.
Cló téacs is ea Glanchló GC. D'fhéadfaí é a úsáid in éineacht le clónna Rómhánacha a bhfuil trasmhíreanna orthu: le leithéidí Times New Roman, Garamond, Baskerville nó Cheltenham mar shampla.
Is é Glanchló GC an cló is sine i gcnuasach Ghaelchló: eisíodh an chéad leagan de sa bhliain 1994. Tá na leaganacha inseacha de 'r' agus de 's' le fáil mar mhalairtí stíle (stylistic alternates) i leagan 14.00 den chló. Lena n‑úsáid, roghnaigh stylistic set 1:
Tá an cló seo códaithe de réir Unicode, an caighdeán idirnáisiúnta, agus tá na carachtair go léir ann léirithe anseo. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.
Más mian leat an cló a úsáid le do ríomhaire pearsanta, faigh an comhad glangc.zip ina bhfuil Glanchló, leagan 14.00, mar chló OpenType.
Más mian leat an cló a úsáid ar leathanach gréasáin, faigh an comhad glanw.zip ina bhfuil Glanchló, leagan 14.00, sa Web Open Font Format.
Tá an cló seo códaithe de réir Unicode, an caighdeán idirnáisiúnta, agus tá na carachtair go léir ann léirithe anseo. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.
Más mian leat an cló a úsáid le do ríomhaire pearsanta, faigh an comhad glanigc.zip ina bhfuil Glanchló Iodálach, leagan 14.00, mar chló OpenType.
Más mian leat an cló a úsáid ar leathanach gréasáin, faigh an comhad glaniw.zip ina bhfuil Glanchló Iodálach, leagan 14.00, sa Web Open Font Format.
Tá an cló seo códaithe de réir Unicode, an caighdeán idirnáisiúnta, agus tá na carachtair go léir ann léirithe anseo. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.
Más mian leat an cló a úsáid le do ríomhaire pearsanta, faigh an comhad glantgc.zip ina bhfuil Glanchló Trom, leagan 14.00, mar chló OpenType.
Más mian leat an cló a úsáid ar leathanach gréasáin, faigh an comhad glantw.zip ina bhfuil Glanchló Trom, leagan 14.00, sa Web Open Font Format.