Fíorchló GC

Cló nua-dheartha a bunaíodh ar pheannaireacht na lámhscríbhinní luatha is ea Fíorchló GC. Is ar an stíl pheannaireachta ar a dtugtar an pheannaireacht leath-uingeach a bunaíodh na mionlitreacha, agus is ar an stíl pheannaireachta ar a dtugtar 'ceannlitreacha tuathúla' ('rustic capitals') a bunaíodh na ceannlitreacha.

Cló ornáideach is ea Fíorchló GC; mura bhfuil sé chomh maisiúil le Ceanannas, fós féin tá sé níos fearr ná American Uncial!

Eisíodh an chéad leagan d'Fhíorchló GC sa bhliain 1997.

An ḟoireann

Tá an cló seo códaithe de réir Unicode, an caighdeán idirnáisiúnta, agus tá na carachtair go léir ann léirithe anseo. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

Malairtí stíle

Tá na leaganacha inseacha de 'r' agus de 's' le fáil mar mhalairtí stíle (stylistic alternates) i leagan 8.10 den chló. Lena n‑úsáid, roghnaigh stylistic set 1:

Íoslódáil

Más mian leat an cló seo a úsáid ar do ríomhaire pearsanta, faigh an comhad fiorgc.zip ina bhfuil leagan 8.10 d'Fhíorchló GC mar chló OpenType.

Más mian leat an cló seo a úsáid ar leathanach gréasáin, faigh an comhad fiorw.zip ina bhfuil leagan 8.10 d'Fhíorchló GC sa Web Open Font Format.