Géarchló GC

Tá Géarchló GC bunaithe ar pheannaireacht an 17ú céad. Iarracht is ea é chun spiorad pheannaireacht na lámhscríbhinní, spiorad a bhfuil baint nach beag aige le mírialtacht na litreacha, a chaomhnú agus a chur in iúl i gcló a bhfuil na litreacha tugtha chun rialtachta ann.

Cló traidisiúnta ornáideach is ea Géarchló GC.

Eisíodh an chéad leagan de Ghéarchló GC sa bhliain 2009.

An ḟoireann

Tá an cló seo códaithe de réir Unicode, an caighdeán idirnáisiúnta, agus tá na carachtair go léir ann léirithe anseo. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

Malairtí stíle

Tá leaganacha nua-aoiseacha de 'r' agus de 's' le fáil mar mhalairtí stíle (stylistic alternates) i leagan 2.00 den chló. Lena n‑úsáid, roghnaigh stylistic set 1:

Íoslódáil

Más mian leat an cló seo a úsáid ar do ríomhaire pearsanta, faigh an comhad geargc.zip ina bhfuil leagan 2.00 de Ghéarchló GC mar chló OpenType.

Más mian leat an cló seo a úsáid ar leathanach gréasáin, faigh an comhad gearw.zip ina bhfuil leagan 2.00 de Ghéarchló GC sa Web Open Font Format.