Ríchló GC

Teilgeadh dhá leagan de chló Petrie a bhfuil miondifríochtaí eatarthu: 'Petrie A' a dearadh sa bhliain 1835 agus a úsáideadh chun 'Annála Rioghachta Éireann' a chlobhualadh, agus 'Petrie B' a dearadh sa bhliain 1850. Is ar an dara leagan a bunaíodh Ríchló GC, cé go bhfuil an litir 'B' níos cosúla leis an litir sin in Petrie A. Is carachtair nua-dheartha iad na litreacha nach bhfaightear in aibítir stairiúil na Gaeilge (j, k, q, v, w, x, y is z) agus na huimhreacha.

Cló le haghaidh téacsanna fada is ea Ríchló GC, ach is féidir é a úsáid mar chló ornáideach freisin.

Eisíodh an chéad leagan de Ríchló GC sa bhliain 2021.

An ġnáṫḟoireann

Ríchló GC

Tá Ríchló GC códaithe de réir Unicode, an caighdeán idirnáisiúnta, agus tá na carachtair go léir ann léirithe anseo. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

An ḟoireann iodálaċ

Ríchló Iodálach GC

Tá Ríchló Iodálach GC códaithe de réir Unicode, an caighdeán idirnáisiúnta, agus tá na carachtair go léir ann léirithe anseo. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

An ḟoireann ṫrom

Ríchló Trom GC

Tá Ríchló Trom GC códaithe de réir Unicode, an caighdeán idirnáisiúnta, agus tá na carachtair go léir ann léirithe anseo. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

Malairtí stíle

Tá leaganacha nua-aoiseacha de 'r' agus de 's' le fáil mar mhalairtí stíle (stylistic alternates) i leagan 3.00 den chló. Lena n‑úsáid, roghnaigh stylistic set 1.

Lena chois sin, tá ceannlitreacha beaga le fáil sa ghnáthfhoireann, san fhoireann iodálach, agus san fhoireann throm den chló. Chun na ceannlitreacha beaga a úsáid, roghnaigh stylistic set 2.

Íoslódáil

Más mian leat an cló seo a úsáid ar do ríomhaire pearsanta, faigh an comhad rigc.zip ina bhfuil leagan 3.00 de Ríchló GC, de Ríchló Iodálach GC agus de Ríchló Trom GC mar chlónna OpenType.

Más mian leat an cló seo a úsáid ar leathanach gréasáin, faigh an comhad riw.zip ina bhfuil leagan 3.00 de Ríchló GC, de Ríchló Iodálach GC agus de Ríchló Trom GC sa Web Open Font Format.