Seanchló na Nod

Leagan speisialta de Sheanchló GC is ea an cló seo ina bhfuil na noda is coitianta a fhaightear i lámhscríbhinní na Gaeilge. Gheofar tuilleadh eolais faoin ábhar seo ar an leathanach dar teideal Stair na Peannaireachta. Beidh an cló seo úsáideach dóibh siúd ar mian leo lámhscríbhinní Gaeilge a athscríobh go cruinn.

Eisíodh an chéad leagan de Sheanchló na Nod GC sa bhliain 2003.

An ḟoireann

Seanchló na Nod GC

Níl an cló seo códaithe de réir Unicode toisc go bhfuil na noda is coitianta ó ré na lámhscríbhinní - noda nach bhfuil códuimhreacha acu in Unicode - le fáil in áiteanna a cuireadh in áirithe do charachtair eile sa chaighdeán idirnáisiúnta. Tá na carachtair go léir in Seanchló na Nod GC léirithe ar an tábla seo. Is noda iad na carachtair atá i mboscaí a bhfuil dath glas nó dath dearg orthu; tabhair faoi deara gur os cionn na litreacha a thagann go díreach ar a lorg a scríobhtar na noda sna boscaí dearga.

Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

Scríoḃ na nod

Taispeántar conas gach nod a scríobh anseo thíos (seasann "o" dearg do litir ar bith).

Malairtí stíle

Tá leaganacha nua-aoiseacha de 'r' agus de 's' le fáil mar mhalairtí stíle (stylistic alternates) i leagan 3.00 den chló. Lena n‑úsáid, roghnaigh stylistic set 1:

Íoslódáil

Más mian leat an cló seo a úsáid ar do ríomhaire pearsanta, faigh an comhad snod.zip ina bhfuil leagan 3.20 de Sheanchló na Nod GC mar chló OpenType.